Na mílte ag ceiliúradh Lá na hAfraice i mBaile Átha Cliath


Bhain na mílte duine sult as taispeántais cheoil, seastáin bhia agus blaiseadh mór de chultúr na hAfraice in Eastát Farmleigh i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh mar chuid de Lá na hAfraice.

Bhí neart siamsíochta ar fáil do gach aois, idir liath agus leanbh, le ceolchoirmeacha ar thrí stáitse, taispeántais damhsa agus drumadóireachta agus áit spraoi do leanaí le péinteáil aghaidhe agus cluichí.

Is ar an 25 Bealtaine a thiteann Lá na hAfraice gach bliain agus déantar é a cheiliúradh go hidirnáisiúnta le héagsúlacht agus rathúlacht na hAfraice a chomóradh, mar aon le cumas cultúrtha agus eacnamaíochta na mór-roinne.

Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, bhí imeachtaí á reáchtáil i Luimneach, i bPort Láirge, i gCorcaigh, i nGaillimh, i gCill Chainnigh,  i Loch Garman agus i gCo. na Mí.

Chaith Meon Eile an lá le duine d'ambasadóirí na bliana seo, Ola Majekodunmi.

Rugadh Ola in Lagos, sa Nigéir, ach bhog a clann go hÉirinn nuair a bhí sí seacht mí d’aois agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ó shín.

Tá Ola 21 bliain d’aois anois agus is láithreoir raidió í le Raidió na Life. Bíonn sí le cluinstin ar phodchraoladh de chuid Motherfoclóir go minic fosta.

Faoi láthair tá Ola ag freastal ar IADT agus í ag déanamh céim sa Bhéarla, Staidéar ar na Meáin agus Staidéar Cultúrtha.

Close
Close