'Mol an óige agus tiocfaidh sí' - Campa Samhraidh Amharclann Ghaobh Dobhair

'Mol an óige agus tiocfaidh sí' a deir an seanfhocal clúiteach, agus sin go díreach atá á dhéanamh ag Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Suzanne Uí Ghallachóir atá i mbun campa samhraidh drámaíochta in Amharclann Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.

Is campa trí seachtaine atá ar siúl san amharclann do pháistí d'achan aoisghrúpa.

D'oscail Amharclann Ghaoth Dobhair a doirse arís i mbliana don chéad uair le 10 mbliana. Tá beocht ar ais ar an ardán agus tá an amharclann arís ag croílár phobal an cheantair.

Tá clú ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar fud na tíre agus leoga níos faide i gcéin, agus tá Eoghan agus Suzanne mar chuid den oidhreacht sin agus iad anois ag iarradh an chéad ghlúin eile a spreagadh i dtreo na drámaíochta.

Ón méid a chonaic muid ag an champa samhraidh an tseachtain seo cáite, tá oidhreacht Aisteoirí Ghaoth Dobhair breá slán ag na glúnta atá le theacht.

Close
Close