Liú Lúnasa 2017 - Féile Imeall-Chultúir Bhéal Feirste

Don tríú bliain as a chéile cuireadh clár leathan agus spleodrach le chéile d'fhéile imeall-chultúir Bhéal Feirste, Liú Lúnasa. 

Mhair an fhéile seachtain ar fad don chéad uair riamh agus cuireadh go mór le héagsúlacht na n-imeachtaí chomh maith.

D'oibrigh meitheal Liú Lúnasa i gcomhpháirtíocht le leithéidí Skainos, Outburst Queer Arts Festival agus Folktown i mbliana agus bhog sí amach as iarthar Bhéal Feirste agus isteach go lár na cathrach le ceolchoirm stairiúil i gCearnóg an Bhruaigh oíche Shathairn.

Ceolchoirm iontach a bhí ann a chuir ceol comhaimseartha na Gaeilge i lár an aonaigh.

Tugadh deis do pháistí, daoine óga agus daoine fásta sult a bhaint as an chultúr Gaeilge le himeachtaí ceoil, díospóireachtaí, ceardlanna, comórtais, dianchúrsa agus scéim samhraidh.

Bhí Meon Eile i láthair ag cuid d'imeachtaí na seachtaine. Mar sin, seo daoibh blaiseadh beag de Liú Lúnasa 2017.

Close
Close