Linger - Breandán de Gallaí

Linger - Breandán de Gallaí

Tá Breandán de Gallaí ag damhsa ó bhí sé ocht mbliana d’aois. Chuir a mháthair é féin agus a dheirfiúr óg Sinéad chuig ranganna áitiúla damhsa agus bhain sé go leor comórtas sna blianta ina dhiaidh sin, ina measc Craobh Uladh nuair a bhí sé bliana déag.

In 1986, bliain roimh an Ardteist, chaith Breandán an samhradh ag obair lena athair i Chicago agus fuair sé deis triail a dhéanamh i scoil cháiliúil damhsa Gus Giordano sa chathair sin. D’éirigh leis scoláireacht a fháil ón scoil, rud a thug deis dó bliain a chaitheamh ansin i ndiaidh dó an Ardteist a bhaint amach.

Is i Chicago a chuir Brendán suim sa bhailé agus an damhsa nua-aimseartha, ach ní raibh an caighdeán céanna anseo in Éirinn ag an am sin agus nuair a d’fhill sé ’na bhaile chuaigh sé ar ais chuig an damhsa Gaelach.

Cuireadh tús le Riverdance i mí Feabhra 1996. Ba é Michael Flatley an príomhdhamhsóir agus bhí Breandán ar dhuine de na tánaistí a bhí ag Flatley.

Ansin in 1997 chinn léiritheoirí Riverdance ar thrí chompántas a chur ar an bhóthar ag an am céanna – dhá cheann i Meiriceá Thuaidh agus ceann eile a bheadh san Eoraip den chuid is mó – agus cheap siad Breandán mar phríomhdhamhsóir ar an seó san Eoraip agus sin mar a chaith sé a shaol ar feadh seacht mbliana eile, ag damhsa agus ag baint clú amach ar fud na cruinne.

Tá MA agus dochtúireacht ag Breandán i ngnéithe áirithe den damhsa Gaelach agus damhsa nua-aimseartha ó Ollscoil Choláiste Luimnigh. Mar pháirt den dochtúireacht chruthaigh sé dhá léiriú damhsa, The Rising agus Nochtú, ar éirigh go hiontach maith leo.

Tá Breadán ar ais sa stiúideo damhsa arís agus é i mbun tógra úr dar teideal ‘Linger’.

Léiriúchán bunaithe ar bheirt fhear agus spreagtha ag teannas, agus an tionchar atá ag an teannas inár saolta.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill leis ar na mallaibh agus é díreach ag tosacht amach leis an tionscnamh.

Linger - le Breandán de Gallaí

Beidh ‘Linger’ ar an ardán don phobal i lár mhí Eanáir in Ionad Project Arts i mBailte Átha Cliath. Beidh sé in Ionad Firkin Crane, Corcaigh, deireadh mhí Eanáir agus i Luimneach tús mhí Feabhra. Dátaí go fóill le socrú.

Close
Close