Duais Ghaeilge de chuid Ghradaim Stewart Parker, Gradam Scríbhneoireachta BBC, 20 bliain ar an fhód

Bhí Gradaim Stewart Parker ar siúl an tseachtain seo caite sa Project Arts Center i gcroílár Bhaile Átha Cliath.

Gradaim iad seo a thugann aitheantas do dhrámadóirí agus i measc na mbuaiteoirí bhí Una McKevitt, a bhuaigh gradam dá dráma nuascríofa 'Alien Documentary'.

Buaigh Ian Toner gradam BBC as ucht a dhráma raidió ‘Animalia’ agus bhronn BBC Gaeilge gradam speisialta ar an chomhlacht amharclannaíochta Aisling Ghéar, atá 20 bliain ag fás.

Cúis chéilúrtha a bhí ann do BBC Thuaisceart Éireann iad féin mar go bhfuil an duais Ghaeilge de chuid Ghradaim Stewart Parker, Gradam Scríbhneoireachta BBC, 20 bliain ar an fhód chomh maith.


Close
Close