Gradam Ceoil TG4 2018 ag teacht go Béal Feirste

Bhí cúis cheiliúrtha ag an slua bailithe i Halla na Cathrach, Béal Feirste an tseachtain seo caite agus buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 á bhfógairt.

Beidh na Gradaim féin ar siúl ar an 4 Feabhra 2018 sa Waterfront i mBéal Feirste agus beidh siad ann go cionn ceithre bliana.

Bhailigh buaiteoirí 2018 chomh maith le clann, cairde agus lucht tacaíochta i Halla na Cathrach chun tús a chur leis na hullmhúcháin do cheann de na hoícheanta is mó i bhféilire an cheoil.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh agus labhair muid le buaiteoirí agus le lucht eagraithe na nGradam.

Buaiteoirí Ghradam Ceoil 2018 ná:

Gradam Ceoil TG4: Frankie Gavin

Ceoltóir Óg TG4: Claire Friel

Gradam Saoil: Patsy Hanley

Gradam Comaoine: Pádraigín Ní Uallacháin

Amhránaí TG4: Máire Ní Chéileachair

Comhar Cheol TG4: Maura O’Keeffe

Gradam Speisialta: The Field Marshal Montgomery Pipe Band

Close
Close