Gradaim NÓS 2018 - Oíche Spleodrach Cheoil san Ardchathair

Oíche spleodrach cheoil agus cheiliúrtha a bhí i nGradaim NÓS 2018 i gClub an tSiúcra i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

Seo an tríú bliain as a chéile don iris NÓS na gradaim a reáchtáil.

Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta mar fhear an tí ar an oíche inar bronnadh duaiseanna ceoil agus inar cheol réimse bannaí agus ceoltóirí beo ar ardán an Sugar Club. 

Ba iad Kneecap as Béal Feirste a bhí mar bhuaiteoirí móra na hoíche agus dhá ghradam ag dul abhaile leo.

D’éirigh leis an bheirt – nár eisigh amhrán go dtí díreach roimh an Nollaig – gradaim ‘Físeán na Bliana’ agus ‘Nuíosach na Bliana’ a bhaint.

I measc na mbuaiteoirí eile, ba iad Sruth na Maoille a bhain gradam ‘Amhrán na Bliana’ agus Seo Linn a ghlac leo an gradam do ‘Albam na Bliana’.

Chuaigh Meon Eile chun bualadh le ceoltóirí agus lucht eagraithe na nGradam roimh thús na hoíche móire.

Close
Close