Fleadh Cheoil Laighean - Ceol, damsha agus spraoi

Fleadh Cheoil Laighean - Ceol, damsha agus spraoi

Thug Meon Eile cuairt ar Fhleadh Cheoil Laighean i mbliana, a bhí ar siúl i Maigh Nuad, Co. Chill Dara.

Seachatin iomlán d’imeachtaí agus comórtais agus na mílte, idir leanaí agus liath, ag baint sult as an cheiliúradh ar an cheol agus an damhsa traidisúnta.

Bhí moladh ard ag gabháil chuig na hiomaitheoirí uilig as ucht an chaighdeáin aird a bhí ann i mbliana.

“Tá na hiomraitheoirí ag feabhsú agus ag feabhsú gach bliain, agus is iad na moltóirí a bhfuil an dúshlán rompu inniu mar go bhfuil an caighdeán chomh hard sin” arsa Cathaoirleach Chomhairle Laighean, Seán Ó Laoire.

Taobh amuigh de na comórtais, seachtain lán siamsaíochta a bhí ann don teaghlach uilig. Bhí Goitse, Skippers Alley agus FullSet ar chuid de na grúpaí ceoil a bhí ar an Gig Rig.

Bhí ceardlanna, turais treoraithe, léachtaí agus neart damhsa ceilí agus seisiúin cheoil i measc na siamsíochta ar bhí ar siúl.

Chaith ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill lá ann i measc na n-iomraitheoirí, a gcuid tuismitheoirí agus lucht foirne na Fleadh…

Fleadh cheoil Laighean 2015

Lá mór do Chontae Cill Dara iad féin a bhí ann agus príomh duasaanna i gcomórtais grúpa cheoil sinsearacha buaite ag Croabh Bheartla Ui Fhlatharta, agus nach iad a bhí sasta..

Ar aghaidh leo agus na buailteoirí uilig go Fleadh Cheoil na hÉireann, a bhéas ar shúil i gCo. Shigigh arís i mbliana…. an mbeidh neart coir agus duaiseanna ag teacht na bhaile go Cúige Laighean i mbliana…. beidh le feiceáil!

Close
Close