Féile Drámaíochta Aisling Ghéar

Reachtáil an compántas drámaíochta Gaeilge Aisling Ghéar an chéad fhéile don drámaíocht phroifisiúnta Ghaeilge in Éirinn an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí clár leathan d’imeachtaí ar siúl ar feadh an deireadh seachtaine.

Ó ‘Pádraic Ó Conaire: An tAiséirí’ le Diarmuid de Faoite agus ‘Clann Lir’ le Fíbín go léamh trítheangach d'fhilíocht Samuel Beckett, ‘Cad a dhéanfainn gan an tost seo?’ cuireadh fáilte roimh na sluaite go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Ag an fhéile fosta a tháinig an grúpa drámaíochta amaitéarach ‘Aisteoirí Aon Dráma’ le chéile arís don chéad uair ó 1997.

Grúpa pobail a bhí in Aisteoirí Aon Dráma bunaithe ag Gearóid Ó Cairealláin i mBéal Feirste ach tháinig deireadh leo nuair a chuir sé tús leis an chompántas proifisiúnta Aisling Ghéar.

Agus Aisling Ghéar ag comóradh 20 bliain ar an fhód i mbliana, bhí an fhéile mar cheiliúradh ar gach a bhfuil bainte amach acu agus ar an ghrúpa pobail a chuir tús le rath na drámaíochta Gaeilge sa chathair an chéad lá.

Close
Close