Féile cheoil úrnua bunaithe i nGaeltacht Thír Chonaill

D’fhreastail na céadta duine ar SULT ag an deireadh seachtaine, féile cheoil úrnua cois fharraige i nGaoth Dobhair.

Is í sprioc na féile suim a chothú sa cheantar trí cheol, craic agus siamsaíocht a chur ar fáil, chomh maith le hairgead a chruinniú do ghrúpaí pobail áitiúla.

I measc na gceoltóirí agus na ngrúpaí a bhí le cluinstin ann bhí Keywest, Oh Bryan, Danny & James, Static Union agus Ryan Sheridan.

Cosúil le go leor ceantar iargúlta, bhí Gaoth Dobhair buailte go holc le linn an chúlaithe eacnamaíochta. 

Tá an ceantar bánaithe cuid mhór ag an imirce agus tá neart foigneamh fágtha folamh leis an méid comhlachtaí a d’imigh as gnó, ach tá coistí áitiúla ag déanamh a seacht ndícheall Gaoth Dobhair a chur ar ais ar a cosa arís, agus tchíonn siad go dtig leis an fhéile seo cuidiú lena bhfeachtas.

Déanfar cibé brabúis a bhaineann leis an fhéile a athinfheistiú sa phobal áitiúil, ag soláthar tacaíochta do ghrúpaí pobal-bhunaithe áitiúla, chomh maith lena chinntiú gur féile cheoil bhliantúil í SULT.

Seo chugaibh blaiseadh beag den chraic agus den cheol ón deireadh seachtaine...

Close
Close