‘Féasta Sráide’ seolta i mBaile Átha Cliath

Sheol Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha, ‘Féasta Sráide’ inné taobh amuigh ar Shráid Dawson, Baile Átha Cliath. 

Is sraith lónta pobail é Féasta Sráide ina dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarraithe, i hallaí pobail nó i gcarrchlóis - tógann gach duine rud le hithe leo agus roinntear an béile le chéile.

Is ar an 10 Meitheamh a bheidh Street Feast ar siúl agus tá Oireachtas na Gaeilge i gcomhar le Street Feast ag iarraidh Féasta Sráide Gaelacha a chur chun cinn i mbliana. 

Tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta ina bhfuil bratacha, treoirleabhar, póstaeir agus cuirí á gcur ar fáil acu do ghrúpaí áitiúla Gaeilge.

Ag caint dó faoi 'Féasta Sráide, dúirt an Ard-Mhéara:

“Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa agus ar gach duine. Is coincheap simplí atá ann atá dírithe ar chomharsana a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú. Is bealach iontach é freisin leis an nGaeilge a cheiliúradh agus a chur chun chinn i mBliain na Gaeilge agus tá súil agam go nglacfaidh grúpaí thart timpeall na cathrach agus, ar ndóigh, thart timpeall na tíre páirt ann.”

 Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach rphost a chur chuig [email protected]

Close
Close