Féile Out to Lunch ar ais

Féile Out to Lunch ar ais

Bhí an teach lán sa Black Box i mBéal Feirste tráthnóna Dé Domhnaigh, gach aon duine ag súil le ceolchoirm shultmhar agus bhríomhar ón sárghrúpa, Four Men & A Dog.

Seo gig a eagraíodh i gcomhpháirtíocht idir Féile Out to Lunch agus An Droichead. I mbliana an chéad uair don Droichead bheith ag obair lámh as lámh leis an fhéile agus táthar ag súil go mbeidh níos mó ócáidí á eagrú acu lena chéile as seo amach.

Léiríonn Gino Lupari an cumhacht atá ar an lucht féachana, é ag magadh agus ag insint scéalta grinn idir na hamhráin. Seo grúpa ceoil atá cleachtaithe le chéile agus snasta, iad ag trasnú seanraí agus ag meascadh uirlisí gan stró. Téann siad ó phoirt agus ríleanna go hamhráin bluegrass, an chuid is mó de na hamhráin scríofa ag an ghiotáraí, Kevin Doherty.

Bhí an gig seo in ómos don iriseoir, Neil Johnston, a fuair bás i mí Lúnasa. Bhí sé mar chara mór don ghrúpa, agus tá sé cuimhnithe go cionmhar sna scéaltaí agus amhráin atá tiomnaithe dó.

Beidh Féile Out to Lunch ar siúl go dtí Eanáir 27ú.

Four Men & A Dog / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close