Féile an Phobail ar ais le clár lán d'imeachtaí éagsúla

Tá Féile an Phobail ar ais agus clár lán d’imeachtaí éagsúla idir spórt, dhráma, cheol agus dhíospóireachtaí ar fáil do mhuintir na cathrach idir inniu agus 12 Lúnasa.

I mbliana don chéad uair riamh beidh Ollphuball na Féile lonnaithe i bPáirc na bhFál, atá sa Cheathrú Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste agus i lár na ndaoine áitiúla a thugann tacaíocht mhór don Fhéile bliain i ndiaidh bliana.

Bhí Aislinn Hagan ar an láthair nuair a sheol an tArd Mhéara, Gavin Robinson ón DUP, Féile an Phobail 2012.

Féile an Phobail ag tosnú inniu / Aislinn Hagan
Close
Close