Dlúthdhiosca na Nollag seolta ag Gaelscoil na bhFál

Tá ceirnín nua le togha agus rogha na n-amhrán Nollag as Gaeilge seolta ag cór Ghaelscoil na bhFál i gcomhpháirtíocht le Raidió Fáilte. Bhí Meon Eile i measc na cuideachta lá an tseolta.

11 traic atá ar an cheirnín nua idir cheol craiféach, spraíúil agus siamsúil. Chas cór na scoile roinnt d’amhráin na ceirníne dúinn agus labhair na páistí linn faoina gcéad albam…

Idir Mise agus Tusa

Ag deireadh an tseolta, chas gach páiste sa scoil ‘Buladh Bos’ i gcuideachta a chéile. Is físeán é seo a chuirfeas fonn maith na Nollag ort!

Spiorad na Nollag go tréan i nGaelscoil na bhFál!
Close
Close