Deireadh seachtaine mór na n-ealaíon i mBéal Feirste

Má tá suim agat sna healaíona ba chóir duit dul i dtreo Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo mar ní amháin go mbeidh Oíche Chultúir á ceiliúradh anocht, mar an gcéanna le gach cathair eile in Éirinn, ach beidh imeachtaí eile ar siúl go dtí an Satharn chomh maith.

Is í anocht an ceathrú bliain don oíche mhór chultúrtha agus mar chuid de beidh The What-Ifs, taispeántas de chuid an ealaíontóra áitiúil, Fiona Ní Mhaoilir. Tá an seó ilghnéitheach seo mar chuid de dhoctúireacht atá ar bun ag Fiona ag Coláiste na nEalaíon, Béal Feirste. Tá sí ag déanamh staidéir ar ról an ealaíontóra sa chathair i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thug Meon Eile cuairt ar Fiona ina stiúideo agus í ag ullmhú don seoladh.

'The What-Ifs' / Sinéad Ingoldsby

The What-Ifs le seoladh anocht ag 1800 i Platform Arts, Sráid na Banríona.

Beidh Oíche Chultúir á céiliúradh Dé hAoine 21 Méan Fomhair, i mbailte móra ar fud na hÉireann.

Agus tá taispeántas de shaothar Liam Andrews, ealaíontóir as Iarthair Bhéal Feirste, le hoscailt i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn 22 Meán Fómhair.

Close
Close