Dan Dowling - Taispeántas Camino de Santiago

Dan Dowling - Taispeántas Camino de Santiago

Chaith Meon Eile seal i gcuideachta an ealaíontóra ó thuaisceart Bhéal Feirste, Dan Dowling, a fuair spreagadh le sraith pictiúirí a dhearadh ó shiúlóid a rinne sé ar an Camino de Santiago.

Creideann an t-ealaíontóir ina shaothar an oiread sin gurb é tús agus deireadh a shaoil é, ar shlí.

In 2015 agus luath in 2016 shiúl Dan an ‘Via de Plata’ den Camino de Santiago, sin timpeall 1,000 ciliméadar ar fad.

Is as seo a spreagadh an saothar ealaíne chun breathnú ar an nasc idir an cultúr Ceilteach agus cultúr na Spáinne.

Taispeántas Via de Plata le Dan Dowling
Close
Close