Comóradh 90 bliain de Chomhaltas Uladh

Comóradh 90 bliain de Chomhaltas Uladh

Bunaíodh an eagraíocht Comhaltas Uladh sa bhliain 1926. Cothrom an dáta chéanna 90 bliain ar aghaidh chruinnigh slua de mhuintir an Chomhaltais le chéile in Áislann Rann na Feirste le comóradh a dhéanamh ar an eagraíocht agus ar mhór-chúspóirí na heagraíochta a scagadh.

Ba é an tAthair Lorcán Ó Muirí a bhí ina cheannródaí ar an eagraíocht i dtús ama agus a chuir an Comhaltas ar bun. Mar aon leis an iris mhíosúil ‘An tUltach’ a chur i gcló, mhothaigh sé gur chóir eagras a bhunú in Ultaibh chun obair Chonradh na Gaeilge a stiúradh sa chúige as siocair gur tugadh an dara háit do Ghaeilge Uladh ag an am, dar leis.

Eagraíonn Comhaltas Uladh feiseanna, comórtais agus deiseanna labhartha Gaeilge do dhaltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna araon.

Bhí Meon Eile i láthair ag Dáil Mhór an Chomhaltais i Rann na Feirste ar na mallaibh.

Comóradh 90 bliain de Chomhaltas Uladh
Close
Close