Glórthaí Uladh in Ardeaglais Bhéal Feirste

Bhí cór Ghlórthaí Uladh ag canadh mar chuid de cheolchoirm speisialta in Ardeaglais Naomh Áine i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Is iad Cór Loch Lao agus Cór Thaobh a Leithéid, faoi stiúir Dhoimnic Mhic Giolla Bhríde, a thagann le chéile chun an ollchór 'Glórthaí Uladh' a chruthú.

Ócáid speisialta a bhí sa cheolchoirm do Ghlórthaí Uladh agus iad ag canadh i dteannta cóir idirnáisiúnta agus stíl éagsúil ag achan cheann acu.

Bhí Meon Eile i láthair chun blaiseadh de cheol Ghlórthaí Uladh a thaifeadadh.

Close
Close