Ceolchoirm bhliantiúil ag Comhaltas Loch Lao

Ag an deireadh seachtaine beidh a gceolchoirm bhliantúil ar siúl ag Comhaltas Ceoltóirí Loch Lao i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Tiocfaidh ceoltóirí traidisiúnta na cathrach, Ghleann an Iolair i dTír Eoghain agus na hEochracha i dTuaim i gceann a chéile don cheolchoirm. Cuirfidh mic léinn na nOllscoile áitiúla dráma gairid ar ardán faoi éachtraí an Éirí Amach i dtús na hoíche.

Tá Craobh Loch Lao ar an fhód ó 1992; faoi láthair, tá thar 100 ceoltóir óg cláraithe leis an chraobh. Chaith Meon Eile oíche i gcuideachta na gceoltóirí óga an tseachtain seo. Seo blaiseadh den mhéid a bheas le cloisteáil oíche Shathairn…

CCÉ Loch Lao
Close
Close