Seachtain cheolmhar i Leitir Ceanainn ag 'Ceol na Coille' 2018

Bhí an scoil ceoil thraidisiúnta, 'Ceol na Coille', ar siúl i Leitir Ceanainn, Dún na nGall, an tseachain seo caite.

Bhunaigh beirt cheoltóirí atá ag múineadh sa cheantar Paul Harrigan agus Úna Ní Bhriain an scoil seacht mbliana ó shin agus tá sí ag fás gach bliain ó shin.

Bíonn réimse leathan ranganna ceoil thraidisiúnta ar siúl le gach uirlis ón chlairseach go dtí an fhidil á múineadh agus daoine de gach aois agus cúlra ag freastal orthu.

Ní hamháin go mbíonn ranganna ar siúl ach ceolchoirmeacha, seisiúin agus ceachtanna Gaeilge.

I mbliana, tá “Taithí Gaeltachta” ar siúl chomh maith - campa samhraidh do pháistí idir 10 agus 13 bliana d’aois a thugann blaiseadh dóibh de chúrsa Gaeltachta, nuair atá siad ró-óg iad féin le freastal ar fhíor-chúrsa.

Bhí Meon Eile i láthair ag an scoil cheoil i mbliana chun labhairt le bunaitheoirí, múinteoirí agus daltaí na scoile agus chun blaiseadh den tseachtain cheolmhar a fháil.

Close
Close