Ceol, craic agus cuideachta den scoth ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn Glas na Mí

Chruinnigh Gaeil ó gach cearn den tír le chéile i Ráth Chairn Glas na Mí ag an deireadh seachtaine le haghaidh Féile na Gealaí, féile cheoil agus champála lánGhaeilge.

Bhí scoth an cheoil le cluinstin agus neart imeachtaí ar siúl do gach aoisghrúpa mar chuid den deireadh seachtaine, ranganna ióga agus an t-imeacht filíochta REIC ina measc.

Mar chuid den fhéile bhí ceol ó Dysania, IMLÉ, Boss Sound Manifesto agus Lauren Ní Chasaide agus eile.

Bhí iondaíocht mhaith ó áiteanna eile i gCuige Uladh fosta le Diane Ní Chanáin, Emma Ní Fhíoruisce agus Cathal Ó Curnáin as Gaeltacht Thír Chonaill agus JJ Ó Dochartaigh as Doire.

Cuireadh tús leis an fhéile seo anuraidh den chéad úr agus tá fás tagtha uirthi agus a cheithre oiread ticéad campála díolta acu i mbliana.

Bhain Féile na Gealaí an gradam don fhéile cheoil ab fhearr in 2016 ag Gradaim Cheoil NÓS agus tuigim anois cad chuige.

Molaim lucht eagraithe na féile as deireadh seachtaine iontach a reáchtáil, ní raibh locht ar bith air agus tá muid ag súil leis an bhliain seo chugainn cheana féin.

Seo chugaibh blaiseadh beag den chraic agus den cheol ón deireadh seachtaine...


Close
Close