Cairt Bhéal Feirste 400

Cairt Bhéal Feirste / Sarah de Búrca

Tá Comhairle Bhéal Feirste ag ceiliúradh 400 bliain ó bhronn Rí Séamas Shasana Cairt Baile ar Bhéal Feirste.

Tá a gCairt féin anois curtha le chéile ag Gaeil na cathrach áfach agus bronnadh é ar Oifig an Ardmhéara Dé Céadaoin 20 Feabhra i Halla na Cathrach.

Is é Forbairt Feirste atá taobh thiar den togra seo agus dar leis an Stiúrthóir Jake Mac Siacais gur ócáid speisialta a bhí ann; “Mhothaigh muid go raibh neamhiontas á dhéanamh ar stair agus ról sonrach na Gaeilge sa chathair agus ar fhréamhacha domhan na lonnaíochta a théann i bhfad siar sa stair, mar sin de dhréachtaigh muid Cairt 400 Bhéal Feirste.”

Bhí ceathrar eile i láthair ar an lá mar ionadaithe ar na chéad daoine a shínigh an Chairt agus bhí Meon Eile i láthair don ócáid stairiúil chomh maith.

Close
Close