Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais fógartha - agallamh le hUltach buacach

Tráthnóna aréir fograíodh buaiteoirí Chomórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh, mórchomórtas scríbhneoireacht na Gaeilge. Bronnadh duaiseanna i mbreis is cúig rannóg déag idir fhicsean, ghearrscéalaíocht, chumadóireacht amhrán agus iriseoireacht.

Bhí an tUltach, Séamas Mac Annaidh i measc na mbuaiteoirí i gcomórtais na ndaoine fásta. Thug sé leis an dara duais i gcomórtas Chuimhneacháin Aoidh Uí Ruairc leis an dráma ‘An Dá Fhoireann’.

Tá cúig leabhair déag foilsithe ag Séamas le deich mbliana is fiche anuas agus sealanna caite aige mar scríbhneoir cónaithe in ollscoileanna ar fud na cruinne.

Chas Meon Eile le Séamas ina bhaile i mBéal Cú, Contae Fhear Manach, ar na maillibh. Cheistigh muid é faoin ghrádam, faoina chuid saothar agus na rudaí a spreagann é agus é i mbun pinn…

Seamas Mac Annaidh

Tá Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge ar an fhód ón bhliain 1897, is iad na comórtais liteartha Gaeilge is clúití sa tír seo. Tá daoine mar Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc iar-bhuaiteoirí sna comórtais.

Conallaigh buacach i gComórtas Liteartha na ndaoine óga.

Bhí ceathrar as Dún na nGall i measc na buaiteoirí i Rannóg Liteartha na ndaoine óga idir na gcomórtais filíochta agus scéalaíochta.

Bhuaigh Shane Mac Grianna duais Sheáin Uí Riordáin i gcomórtas Dán faoi 21 le saothar faoina cheantar dúchas féin, dar teideal ‘Rann na Féirste’. Sa chomórtas céanna faoi 16, tugadh an dara duais go Tara Ní Choille as Gort a Choirce don dán ‘I súile na gCarria’.

Bhí beirt Conallaigh buacach sna gcomórtas scéalaíochta, bhuaigh cailín óg as Tóraí Lauren Ní Bhaoill an chéad duais i gcomórtas scéal faoi 16 leis an saothar ‘Coimeadaí Uimhir a hOcht’ . Thug Séan Mac Gearailt as an Fhál Carraigh an chéad duais leis i gcomórtas faoi 21 le scéal dar teideal ‘Misneach’.

Buaiteorí na príomhchomórtais

I measc mhórbhuaiteoirí na príomhchomórtais, tá Maidhc Dainín Ó Sé, a bhuaigh an t-úrscéal is fearr le ’Punt Isló’ agus Joe Steve Ó Neachtain a bhuaigh an chéad duais i rannóg an ghearrscéil.

Thug Aodh Ó Domhnaill dhá dhuais leis dá chuid drámaí ‘Duairceán’ agus ‘Dúnmharú’; ocht nduais Liteartha d’Oireachtas na Gaeilge atá buaite aige anois. Bhain Anna Heussaff duais dá húrscéal, Hóng, – tá duais Liteartha d’Oireachtas na Gaeilge buaite aici do gach ceann dá húrscéalta go dtí seo.

Close
Close