Blaisín d'Fhéile an Phobail 2017

Bhí clár lán imeachtaí éagsúla ar siúl mar chuid d'Fhéile an Phobail le cúpla seachtain anuas agus an fhéile á reachtáil don 29ú bliain as a chéile in iarthar Bhéal Feirste.

Ó cheoilchoirmeacha agus ceardlanna ealaíne go díospóireachtaí agus paráid na féile, cinntíodh go raibh ócáid ann do chách.

Rinne lucht eagraithe na féile níos mó comhoibrithe le grúpaí eile ná riamh roimhe i mbliana le himeachtaí ar nós an Dioscó Dearg a eagrú leis an Dream Dearg agus fronsa aerach Gaelach le Love Equality agus an Rainbow Project.

Bhí Meon Eile i láthair ag cuid d'imeachtaí na féile i mbliana chun blaiseadh a fháil den éagsúlacht agus de na grúpaí uilig a bhí páirteach i bhFéile an Phobail 2017.

Close
Close