Beannachtaí an Rí

Beannachtaí an Rí
Elvis
Elvis

Gearóid Ó Cairealláin

Cuireadh iontas agus ríméad ar leantóirí Elvis Presley le déanaí ar chluinstin dóibh méadú mór ar líon amhrán ard-rí rac agus ról ar stáisiúin raidió ar fud na fuaide.

Gan fiú stáisiún mór amháin nach ndeachaigh beagnach thar fóir ar fad, is gan rud ar bith eile ach amhráin Elvis a chraoladh ar feadh iomlán clár uair a chloig.

Níorbh é go raibh an domhan is a bhráthair i ndiaidh dúil faoi leith a chur i gceol fhear Memphis, ach gurbh é comóradh lá breithe Presley é, a rugadh ar an ochtú lá de mhí Eanair.

Nós ag staisiún raidió comóradh a dhéanamh ar lá breithe na réaltaí móra ar an dóigh seo.

Comhartha é ar dhúil leanúnach an domhain mhóir i gceol Elvis, rachairt a bheidh air i ndiaidh an ama seo.

Rinne Elvis an chéad cheirnín s’aige sa bhliain 1954 agus an ceann deiridh sa bhliain 1977.

Is iomaí corr agus athrú a tháinig ar stíl an cheoil i mbéal an phobail san am sin ach mhair tarraingt Elvis i rith an ama.

An chéad rud, chruthaigh sé stíl cheoil nua thiar i lá na 1950í.

Lena chois sin, bhí guth fíor-tharraingteach aige a d’fhóir do na hamhráin chasta, damhsa agus do na bailéid fhadalacha grá.

Tharraing sé glúin i ndiaidh glúine chuige féin. Chuala siad na hamhráin agus chonaic siad na scannáin agus na cláir teilifíse.

Cúlrá a saoil chultúir a bhí ann.

‘Níl rud ar bith ar domhan is cinnte a shaothróidh mol mór airgid,’ a dúirt Hal B. Wallace, mórléiritheoir scannán de chuid Hollywood, ‘ach scannáin de chuid Elvis Presley’.

Sa bhliain 1954 bhí Sun Studio a reáchtáil ag fear darb ainm Sam Phillips ar Union Ave, Memphis, Tennessee, maireann an stiúideo go fóill ach anois mar ionad turasóireachta agus sain-spéise.

Tamall de bhlianta ó shin thaifead U2, Rattle and Hum s’acu ansin, díreach le bheith ábalta maoímh gur i Sun stúideo a rinneadh é!

Thiar sa bhliain 1954 bhí Sam Phillips ag cuardach fuaim nua a rachadh i bhfeidhm ar an aos óg i Stáit dheisceartacha na Stát Aontaithe.

Chomh luath is a chuala sé Elvis, Scotty agus Bill thuig sé go raibh an fhuaim aimsithe aige.

D’alpaigh aos óg na háite na ceirníní agus phacáil siad na coirmeacha ceoil. Mire Elvis a bhí ann, nó Elvis mania.

Ba ghearr ina dhiaidh sin go dtáinig lucht Hollywood ag glaoch air.

Mian croí riamh aige bheith ina aisteoir sna scannáin agus ar an dóigh chéanna gur stiúirigh Sam Pillips Elvis sna caogaidí ba é Col. Tom Parker a stiúirigh é tríd na seascaidí.

Sa bhliain 1958 tugadh Elvis Presley isteach in arm Mheiriceá.

Agus é ar dualgas sa Ghearmáin, thosaigh sé ag glacadh drugaí – spreagóirí chun é a choinneáil múscailte le linn na sealanna fada ar fianas, suantoirí ina dhiaidh sin chun é a chur a chodladh.

Ghabh sé nós na ndrúgaí agus ní raibh sé riamh ábalta an moncaí a chur dá dhroim.

Lean sé den phátrún agus é ag taisteal SAM ag bualadh ceoil.

Ar na drugaí a mhair sé tri bhlianta Hollywood agus go háirithe le linn dó bheith i mbun na gcoirmeacaha móra ceoil i Las Vegas – thuas ar dhrugaí agus anuas ar dhrugaí.

Seo drugaí lán dleathacha a fuair sé ar oideas dochtúra.

I ndiaidh bhás Elvis dúirt an dochtúir nár dhiúltaigh sé drugaí a thabhairt dó nuair a d’iarr sé iad – ‘Cad é mar a dhiúltaíonn tú aon rud do Elvis Presley, ard-rí rac n’ ról?’

Le cois na ndrugaí mhair Elvis ar bhurgair, sceallóga agus drochbhia eile go dtí a bhás ró-óg ag aois 42, i mí Lúnasa 1977.

Chuir cara mór dá chuid an cheist seo: “How can you save a man from himself?”

Close
Close