At First Light

At First Light

Tá At First Light aitheanta mar cheann de na grúpaí is ceannródaí sa cheol nua-aimseartha traidisiúnta faoi láthair. Meascán idir seiteanna bríomhara, amhráin shuaimhneacha agus ionstraimíocht éagsúil a chuireann siad ar an ardán.

Tá an grúpa ar an bhfód ó 2004, le Dónal O’Connor, Francis McIlduff agus John McSherry mar núicléas agus aíonna éagsúla cosúil le Ciara McCrickard agus Michael McCague ag seinnt leo ar bhonn rialta.

Bhuail Fearghal Ó Maolagáin le Dónal agus Ciara roimh a gceolchoirm sa Crescent Arts Centre i mBéal Feirste chun cúrsaí ceoil a phlé.

Tá an t-albam “Idir” ar fáil anois, agus beidh an grúpa le feiceáil anocht, 16ú Samhain sa Market Place Theatre in Ard Mhaca mar chuid den Fhéile William Kennedy.

At First Light / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close