An Claidheamh Soluis beo ar líne

Foilsíodh iris sheachtainiúil Chonradh na Gaeilge, An Claidheamh Soluis, ó 1899 go dtí 1932 le hábhar léitheoireachta a sholáthar do ghnáthphobal na Gaeilge.

Le linn na tréimhse sin bhí Eoin Mac Néill agus Pádraig Mac Piarais mar eagarthóirí uirthi. Foilsíodh faoi ainmneacha éagsúla í chomh maith, Fáinne an Lae agus Misneach.

Bhí An Claidheamh Soluis ar an nuachtáin ba thábhachtaí i ré Athbheochan na Gaeilge agus ar ndóigh tugann an nuachtán léargas staire dúinn ar Éirí Amach 1916 agus ar bhunú Phoblacht na hÉireann.

Tá Conradh na Gaeilge tar éis digitiú a dhéanamh ar An Claidheamh Soluis le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta.

Ó thosaigh siad amach leis an tógra seo bliain ó shín tá beagnach leath de na héagráin den Chlaidheamh Soluis digitithe acu agus ar fáil ag www.cnag.ie

Thug muid cuairt ar Chuan Ó Seireadáin agus é i mbun a chuid oibre in oifigí Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le déanaí. Labhair muid leis faoin nuachtán féin, faoi na rudaí ar chuir sé féin suim iontu agus faoin tábhacht atá leis an nuachtán san lá atá inniu ann.

An Claidheamh Soluis ar líne

Mar chuid den tógra bíonn leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis” á fhoilsiú ar Tuairisc.ie achan Aoine, chomh maith le leagan caighdeánaithe den téacs.

Má tá suim agaibh san ábhar thuas moltar daoibh go mór saothar acadúil an Dr. Regina Uí Chollatáin a léamh ar an ábhar.

Close
Close