An Cabaret Queeráilte - Teacht le Chéile den Phobal LADT agus Pobal na Gaeilge

Reáchtáil Liú Lúnasa in éineacht le Outburst Queer Arts Festival an Cabaret Queeráilte sa Chultúrlann i mBéal Feirste le déanaí.

Oíche lán ceoil, drámaíochta, grinn agus siamsaíochta a bhí ann agus Madonna Kebab mar bhean an tí.

Comhoibriú arís eile a bhí ann idir pobal na Gaeilge agus an pobal LADT.

Le cúrsaí LADT agus Gaeilge i mbéal an phobail, agus i mbéal na bpolaiteoirí, faoi láthair, is iomaí deis nádúrtha, is cosúil, do na pobail sin oibriú in éineacht a chéile.

Labhair Meon Eile le Conor Torbóid a bhí ina bhanríon drag ag an Cabaret agus le Seán Ó Ceallaigh a rinne píosa grinn ar an oíche faoina thuairimí féin ar an Carbaret Queeráilte agus gach gur féidir a bhaint amach don phobal LADT.

Close
Close