Amhráin na Pogues ar ardán as Gaeilge ag IMRAM

Amhráin na Pogues ar ardán as Gaeilge ag IMRAM

San oíche anocht i mBaile Átha Cliath déanfaidh an t-amhránaí, Marcus Mac Conghail agus na Pogoes amhráin chlúiteacha Shane McGowan a sheinm ag ceolchoirm IMRAM.

Tá aistriúchán déanta ag na filí iomráiteacha Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile ar liricí na n-amhrán, macasamhail A Fairytale of New York, Dirty Old Town, agus A Pair of Brown Eyes.

Péire Súl Donn le Marcas Mac Conghail agus na Pogoes

Is banna punc-Cheilteach iad na Pogues a bunaíodh i Londain in 1982 faoi stiúir Shane Mc Gowan. Shaothraigh an banna clú idirnáisiúnta le himeacht na mblianta.

Le roinnt blianta ag Féile IMRAM déantar amhráin chlúiteacha Bhéarla a aistriú agus a chur ar ardán i nGaeilge mar chuid den tionscadal.

Chaith Meon Eile oíche i gcuideachta le Marcus Mac Conghail agus na Pogues agus iad i mbun cleachtaithe i Lios na gCearrbhach agus labhair muid leo faoin saothar mór…

Súil chun tosaigh ar Dhúanta Damnaithe

Beidh an cheolchoirm ar siúil anocht ag 8.30in sa Grand Social ag 35 Sráid na Life Íochtarach.

Close
Close