Alan Titley faoi agallamh

D’eagraigh an Siopa Leabhar, Baile Átha Cliath, i gcomhpáirtíocht le Raidió na Life agus Meon Eile oíche speisialta leis an laoch litríochta, Alan Titley, sa phríomhchathair le déanaí. Ba é an craoltóir agus scríbhneoir clúiteach, Cathal Póirtéir, a bhí mar fhear an tí don ócáid, agus phléigh an beirt gach gné de saol agus de saothar an Chorcaígh.

Tá liosta mór fada de shaothar ag an údar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, dhrámaí agus dhánta. Aitheanta go maith mar láithreoir raidió agus teilifíse, agus sa saol acadúil chomh maith, tá saol suimiúl agus bríomhar caite aige go dtí seo, agus níl an chuma air go n-éireoidh sé as inniu nó amárach, leis an phaisean agus déine atá le sonrú ar gach focal uaidh.

Bhí Titley gafa leis an bhfocal scríofa ó bhí sé ina leaid óg, agus is léir go raibh tionchar nach beag ag údair éagsúla ar a shaol – luann sé a leithéidí Eduardo Galeano, Raymond Chandler agus Seán Mac Mathúna.

Seoladh a leabhar nua do pháistí “Smuf” ar an oíche chomh maith.

Seo chugaibh na buaicphointí den chraic agus den chuideachta…


Móragallamh le Alan Titley / Fearghal Ó Maolagáin
Close
Close