‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’ le Síle Denvir

‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’ le Síle Denvir

Cothrom 100 bliain ó cuireadh an Piarsach chun báis, sheol an tOllamh Alan Titley dlúthdhiosca nua ‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’, i Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath.

Eisithe ag Cló Iar-Chonnacht tá an dlúthdhiosca úr seo, a dhéanann ceiliúradh ar shaol cultúrtha an Phiarsaigh, cóirithe agus curtha i láthair ag an cheoltóir sean-nóis ildánach, Síle Denvir.

Idir na blianta 1909 agus 1916 scríobh Pádraig Mac Piarais drámaí i nGaeilge agus i mBéarla. Tá ceol agus amhráin luaite i nach mór achan dráma a scríobh sé agus is léir go raibh an ceol fíorthábhachtach i gcur chuige cruthaitheach an Phiarsaigh agus é ag scríobh agus ag léiriú na ndrámaí seo.

Cé go ndeirtear faoin Phiarsach nach raibh bua an cheoil aige féin, tá sé ríshoiléir ón dóigh a bhfuil ceol agus amhráin fite fuaite sna drámaí gur thuig sé cumhacht agus tionchar an cheoil ar an lucht féachana.

Ar an oíche thug Síle Denvir agus a comhghleacaithe ceoil Thomas Johnston, Aoife Ní Argáin, Éadaoin Ní Mhaicín, Síomha Mulligan agus Claire Dolan blaiseadh den áilleacht agus saibhreas ceoil atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo…

‘Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh’ le Síle Denvir
Close
Close