Beidh Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh fud fad na tíre agus na cruinne amárach.
Is ceiliúradh ollmhór é anois d'Éireannaigh in achan chearn den domhan, agus fiú do dhaoine nach Éireannaigh iad!
Tá traidisiún na féile i ndiaidh athrú thar na blianta agus déantar cáineadh uaireanta go bhfuil an ceiliúradh imithe thar fóir.
An bhfuil a fhios ag daoine fiú na laethanta seo cérbh é Naomh Pádraig?
Chuaigh Meon Eile chuig an Chultúrlann i mBéal Feirste chun tuairimí a fháil ar an lá agus ar an naomh féin.