Cluiche Ceannais Iománaíochta 2017

Bhí eispéiris éagsúla ag Gaillimh agus Port Láirge ar an bhealach go Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann i mbliana ach is iad atá anois san iomaíocht do Chorn Liam Mhic Cárthaigh an Domhnach beag seo.

D'éirigh le Gaillimh Craobh Chúige Laighean a bhaint don dara bliain as a chéile agus bhí cluiche leath ceannais spleodrach acu ansin i gcoinne Thiobraid Árann, buaiteoirí na bliana seo caite.

Bhí turas níos deacra arís ag Port Láirge le fáil a fhad leis an chluiche ceannais áfach nuair a chaill siadsan i gcoinne Chorcaí i gCluiche Leath Ceannais na Mumhan. Thug siad aghaidh ar na Reibiliúnaigh arís i gCluiche Leath Ceannais na hÉireann agus d'éirigh leis na Déise an lámh in uachtar a fháil an iarraidh sin.

Beidh súile géara ar an chluiche Dé Domhnaigh ach cé acu a bhainfidh?

Labhair Meon Eile le hAoife Ní Chaiside agus Colm Duffin, beirt le taithí sa spórt, faoin choimhlint mhór.


Close
Close