An dtabharfaidh an CPA glór d'imreoirí na gclubanna?

Tá go leor cainte déanta thar na blianta gur chóir cearta agus cothromaíocht a chinntiú d’imreoirí clubanna i gCumann Lúthchleas Gael.

Duine ar bith a bhíonn gníomhach ar na meáin shóisialta nó a éisteann le tuairiscí spóirt ar bhonn rialta is cinnte go bhfuil sé cloiste acu go bhfuil Cumann na nImreoirí Clubanna (Club Players’ Association) anois ar bun le leas na ngnáth-imreoirí a chosaint.

Cuireadh tús le CPA mar fhreagra ar an fhrustrachas a bhíonn le mothú ag leibhéal na gclubanna.

Tchítear do go leor daoine go dtugtar tús áite do chluichí sraithe agus craoibhe na gcontaetha agus go ndéantar neamart i gcluichí club agus sna himreoirí a imríonn ag an leibhéal seo.

Labhair Meon Eile le beirt anailísithe spóirt a bhfuil a saol caite acu ag plé cheisteanna CLG agus seantaithí acu mar imreoirí club leis.

An scéal dearfach é seo?

An dtabharfaidh an CPA glór d'imreoirí na gclubanna?
Close
Close