An bhfuil ré chlub na bhfear thart? Comhphá do mhná BBC agus RTÉ ar na bacáin?

Tá an bhearna phá idir fir agus mná i mbéal an phobail arís agus go leor cainte faoi RTÉ agus BBC le gairid.

Tá sé tugtha le fios go bhfuil bearna phá shuntasach idir fír agus mná ag obair leis an dá chraoltóir stáit.

De réir figiúirí atá foisithe ag RTÉ, níl ach triúr bean i measc an 10 gcraoltóir atá ag saothrú an méid is mó.

Tháinig sé chun solais go saothraíonn Sharon Ní Bheoláin idir €60,00 agus €80,000 níos lú ná a comhghleacaí, Bryan Dobson.

D’iarr Sharon agus mná eile go gcaithfidh RTÉ theacht ar réiteach ar an mhíchothromaíocht seo.

Tá Kieran Mulvey, iar-Ardstiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, fostaithe ag RTÉ le hamharc ar an bhearna phá agus le moltaí a thabhairt ar chás RTÉ.

Chomh maith leis seo, tá sé fogartha ag rialtas na hÉireann go gcuirfear tús le comhairliúchán poiblí ar an bhearna phá idir fír agus mná atá obair sa tseirbhís phoiblí agus san earnáil phríobháideach mar an chéad chéim le dul i ngleic leis an fhadhb.

Tá an BBC faoi bhrú fosta ó d’fhoilsigh siad figiúirí pá. Arís bhí difir ollmhór idir an méid airgid a bhí na fír ag saothrú i gcomparáid le mná a bhí ag cur i láthair na gcláracha céanna ar an teilfís agus raidió.

Labhair os cionn 40 bean amach in éadan na míchothromaíochta, ina measc Claire Balding, Emily Maitlis, Kirsty Wark agus Alex Jones, a chuireann ‘The One Show’ i láthair.

Gheall Ardstiúrthóir an BBC, Tony Hall, go mbeidh deireadh leis an bhearna phá inscne roimh 2020.

An bhfuil ré chlub na bhfear thart mar sin? An tús é seo le ré úr do mhná ag obair sna meáin chumarsáide? Labhair muid le beirt le gairid a bhfuil am caite acu ag obair san earnáil. Seo a bhí le rá acu...



Close
Close