4 Fhoireann Ultacha Fágtha sa Chraobhchomórtas Peile

Tá ceithre fhoireann Ultacha fágtha sa chraobhchomórtas peile; An Dún, Ard Mhacha, Tír Eoghain agus Muineachán. 

Tráthnóna Dé Sathairn beidh coimhlint fhíochmhar idir Muineachán agus An Dún i bPáirc an Chrócaigh i mBabhta 4B den chraobhcomhórtas.

Ina ndiaidh, tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Chill Dara sa bhabhta céanna.

Beidh ar bhuaiteoir amháin ó Bhabhta 4B imirt i gcoinne churaidh Uladh, Tír Eoghain, ansin Dé Sathairn 5 Lúnasa i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Beidh ar an bhuaiteoir eile aghaidh a thabhairt ar na curaidh reatha, Baile Átha Cliath, an lá céanna.

Labhair Meon Eile le daoine ó na contaetha Ultach atá fágtha sa chraobhchomórtas peile lena dtuairimí a fháil ar a seansanna...!



Close
Close