Titim 40% ar lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta le trí bliana anuas - an bhfuil ré an raidió thart?

Foilsíodh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo go bhfuil lucht éisteachta laethúil RTÉ Raidió na Gaeltachta tite 40% le trí bliana anuas.

De réir figiúirí atá faighte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise thit lucht éisteachta laethúil RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 43,000 duine ar an mheán sa bhliain 2014 go dtí 28,000 in 2016.

Go dtí seo in 2017, lucht éisteachta 26,000 duine sa lá ar an mheán a bhíonn ag an stáisiún.

Léiríonn na figiúirí fosta go raibh 102,000 éisteoir seachtainiúil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta in 2014, ach tá an figiúir sin tite go 92,000 in 2017 - sin titim de 10%.

An cheist atá á cur inniu mar sin ná an bhfuil ré an raidió thart?

Close
Close