Slán le Siopa Harry

Tá an siopa glasraí Harry’s Fruit and Veg in Iarthar Bhéal Feirste ag druidim a dhoirse i ndiaidh breis agus 20 bliain.  

Thosaigh Harry Holland an gnólacht beag nuair a chuaigh sé ar scor in 1996 agus is iomaí duine a ghnáthaigh an siopa thar na blianta, le haghaidh na dtáirgí sláintiúla agus comhrá leis an úinéir féin.

Dúnmharaíodh Harry go tragóideach brúidiúil in 2007 nuair a rinne sé iarracht stop a chur le grúpa daoine óga a bhí ag iarraidh a veain a ghoid.

Bhí an-dúil ag an phobal in Harry agus chuaigh an eachtra go mór i bhfeidhm ar dhaoine i gcóngar agus i gcéin.

Fear flaithiúil a bhí ann, go háirithe dá chomharsana, fear a bhí i gcónaí i measc an nádúir, agus baineadh siar as cách go dtiocfadh le rud mar sin tarlú d'fhear cosúil le Harry.

Ba é ar a chlann is mó a chuaigh an dúmharú i bhfeidhm ar ndóigh: a bhean chéile Pauline agus a iníonacha Sarah, Méabh, Gráinne agus Gael.

Tháinig siad le chéile áfach agus lean an teaghlach ar aghaidh leis an siopa, go háirithe a Méabh agus a fear céile Younes.

Obair crua a bhí ann dóibh, áfach, go háirithe agus an iomaíocht ó na hollmhargí ag géarú i gcónaí.

D'aontaigh siad ar na malaibh nach raibh siad ábalta dul in iomaíocht leis na siopaí ollmhóra a thuilleadh agus go raibh sé in am dóibh slí bheatha a bhaint amach ar son na clainne atá acu féin anois. 

Beidh sé aisteach do neart daoine a bheith ar Bhothár an Ghleanna gan Siopa Harry agus cuid de theaghlach Holland a fheiceáil istigh ann.

Labhair Meon Eile le beirt iníonacha le Harry, Méabh agus Gráinne, faoi dhruidim an tsiopa agus go deimhin faoi Harry féin. 

Beidh boscaí glasraí ar fáil ó Harry's Fruit and Veg go dtí deireadh na míosa agus is féidir ordú a chur isteach anseo: https://www.facebook.com/Harrys-Fruit-n-Veg-Harrys-Tortha%C3%AD-s-Glasra%C3%AD-133719946680977/ nó cur txt nó scairt ar Younes ar 07465216373

Close
Close