Seachtain thubaisteach do chách

Ord Oráisteach, mórshiúl
Ord Oráisteach, mórshiúl

Ciarán Dunbar

12 lá eile, teannas eile, scliúchas eile, seachtain de thrioblóidí eile.

Arís i mbliana, tá teannas ar an talamh mar gheall ar mhórshiúlta, i mBéal Feirste amháin an iarraidh seo, tar éis pléascadh amach mar fhoréigean ar na sráideanna.

Agus an píosa seo á scríobh agam, gortaíodh 71 póilíní, 68 ball den PSNI agus tríúr póilíní ‘cúnamh frithpháirteach’ thall ón Bhreatain. Gortaíodh an MP, Nigel Dodds nuair a leagadh amach é ag bríce caite ag dílseoirí.

Ní fios go díreach cén costas airgeadais a bhain leis an trioblóid i mbliana ach dar leis an PSNI, tá bille de mhilliúin ar an phóilíneacht.

Tá cuid mhór de mhilleán don trioblóid seo á chur ar an Ord Oráisteach féin mar gheall ar an chaint ghríosaitheach ó ardáin éagsúla thar an deireadh seachtaine seo caite le go leor tagairt de ‘cogadh cultúrtha’ agus ‘no surrender!’.

Ní nach ionadh, tá an tOrd féin ag diúltú don anailís seo agus ag cur an milleán ar gach duine – seachas iad féin.

Sin d’ainneoin go raibh roinnt mhaith de na daoine a bhí i mbun chíréibe ag caitheamh ‘collarettes’ de chuid an Oird – rud a mhaigh urlabhraí an Oird nach bhfaca sé.

Chomh maith leis sin, tá sé léirithe ag an PSNI, gur úsáideadh claimhte searmanacha de chuid an Oird chun oifigigh an PSNI a ionsaí – tá fianaise curtha ar fáil acu.

Is é an aon t-aon rud a bhfuil gach duine beo aontaithe air, ná gur chaill an tOrd Oráisteach ‘an cath bolscaireachta’ an uair seo agus gur tubaiste a bhí ann dóibh ó thaobh phoiblíochta phoiblí de – tá leideanna ann go dtuigeann an tOrd sin go maith.

Mar a dúirt an tráchtaire aontachtach Alex Kane an tseachtain seo, “tá cath idir lámha ag an Ord Oráisteach agus tá éirithe leo gach uile duine againn a tharraingt isteach ann. Mura bhfuil siad ag iarraidh cailleadh, caithfidh siad mar sin cur ina luí ar an-chuid daoine gurb fhiú tacú le cúis s’acu. Go dtí seo, níl ag éirí go maith leo.”

Déanann an tOrd gach iarracht chun cur in iúl nach bhfuil iontu ach daoine ciúine cráifeacha atá ag iarraidh chultúr s’acu a cheiliúradh – ársaíonn pictiúir theilifíse scéal an-difriúil.

Aisteach go leor, d’ainneoin go bhfuil dílseoirí den tuairim go bhfuil iriseoirí claonta ina gcoinne agus tá sé de nós acu iriseoirí a ruaigeadh óna sráideanna catha, rud a dhéanann post an iriseora an méad sin níos deacra.

Chomh maith leis sin, tá náisiúntóirí agus poblachtaithe ag baint an-súp as físeáin atá ar fáil ar líne chun smál a chur ar an dílseachas – ach ar an ábhar gurb iad dílseoirí a chuir na físeáin chéanna ar líne, is doiligh an milleán de dhrochclú na ndílseoirí a chur ar na náisiúntóirí.

Coimisiún na Mórshiúlta

Chuir an tOrd Oráisteach an milleán don trioblóid ar Choimisiún na Mórshiúlta mar gheall ar chinneadh an Choimisiúin gan ligin dóibh siúl thairis siopaí Ard Eoin tráthnóna Dé hAoine agus iad “ag filleadh abhaile ón pháirc.”

Dúirt ráiteas ón Grand Orange Lodge i mBéal Feirste, atá ar an lóiste is míleataí den Ord ar fad, “Caithfidh an Rúnaí Stáit a machnamh a dhéanamh ar Choimisiún na Mórshiúlta, an eagras a chruthaigh an ghéarchéim seo, seachas a bheith ag coimhthiú an Phobal Aontachtach le ráitis gan tuiscint.”

Tá dílseoirí i gcoitinne ag iarraidh go mbeadh deireadh leis an Choimisiún, agus mar sin de go bhfuil cead agat mórshiúlta a bheith acu gan srian, ní cosúil go dtarlódh sé sin ag an phointe seo, cé gur féidir go mbeadh athraithe siombalacha air.

“Seo Coimisiún atá tiomanta chun Oráisteachais a uirísliú, breab a thabhairt d’fhoréigean poblachtach agus chun cultúr aontachach a scriosadh,” dar le Jim Allister, ceannaire an TUV.

Ach cé hiad? – Is eagras neamhspleách, gar-bhreithiúnach an Coimisiún a bunaíodh in 1997. Tá cumhachtaí agus dualgais s’acu le fáil in Acht na Mórshiúlta Poiblí (Tuaisceart Éireann), 1998.

Tá sé bhall agus Cathaoirleach ar an Choimisiún, iad ceaptha ag Rúnaí an Stáit. Ar ndóigh, tá Rúnaí an Stáit féin ceaptha ag Banríon na Breataine (ar chomhairle an phríomhaire), is aire de chuid na corónach í Theresa Villiers MP, an Páirtí Caomhach a bhfuil an ról sin aici i láthair na huaire.

Mar sin de, agus na ‘hOird Dhílseacha’ ar daoraí faoin Choimisiún, is ag ágóidíocht i gcoinne choimisiún atá ceaptha le húdarás na Corónach, mar sin féin, le dílseoirí ag iarraidh an PSNI agus Póilíní na Breataine a dhúnmharú (iad uile go léir faoi smacht na Corónach), ní dócha go mbeadh an tOrd róbhuartha faoin íoróin áirithe sin.

Richard Haass

Ach an bhfuil dóchas áirithe ann anois agus an ard-taidhleoir Meirceanach Richard Haass anois ar an talamh i mBéal Feirste – clú air nach gcuirfidh sé suas le mórán seafóide ach beidh le feiceáil más féidir leis an-tionchar a imirt ar chúrsaí.

Mar sin féin beidh sé deacair go leor plé leis na cúrsaí seo uile go léir a chuir Comhaontú Aoine an Chéasta ar an mhéar fhada.

Ard Eoin

Tá fadhb ar leith ann in Ard Eoin ar ndóigh. Tá roinnt cúiseanna taobh thiar de sin, tá seicteachas go millteanach sa dúiche seo le fada. Tá breacachan de cheantair éagsúla ann.

Chomh maith leis sin, tá dhá eagraíocht GARC agus CARA ag feidhmiú i mórcheantar Ard Eoin, le GARC luaite le heasaontóirí poblacthacha agus Cara níos deise do Shinn Féin. Ní chabhróidh an teannas seo, nó an ghráin fiú idir an dá dhream seo le haon réiteach a fháil.

An Deisceart

Dé Céadaoin seo caite, tar éis 5 lá de chiréibeanna bhí 1/3 leathanach ar an ábhar ar leathanach a 8 den ‘Irish Times’ agus eagarfhocal – ar an lá céanna, bhí 11 leathanach bainteach leis an ábhar san ‘Irish News’.

Mar a tharlaíonn sé, níor bhain an trioblóid an chéad leathanach amach i bpáipéar Sasanach ar bith Dé Domhnaigh sé chuaigh thart – d’ainneoin go raibh na céadta póilíní as Sasain sa Tuaisceart ag cabhrú leis an PSNI.

Cuireann an tOrd Oráisteach réaltacht i láthair nach bhfuil go leor tráchtairí sa Deisceart ag iarraidh plé leis agus nach bhfuil roinnt mhaith de na meáin ag iarraidh tuairisciú air mar go bhfuil sé chomh deacair sin ‘cothromas’ a chruthú seachas a bheith ag tuairisciú fíricí a chuireann an milleán ar ‘thaobh’ amháin – sa chás seo – an taobh dílseach.

Nuair cuireadh mórán spéis sa scéal seo sa Deisceart – agus cloíonn na meáin le riail 50:50 go daingean, is é le rá go bhfuil 50% den mhilleán ar “an dá thaobh” i gcónaí.

Mar sin féin, tá tuairim ar 44 hallaí oráisteacha sa Phoblacht, maítear go bhfuil 14,000 fir bhuí sa Phoblacht agus faigheann an tOrd maoiniú stáit sa Phoblacht.

An cheist

Tá an fócas dírithe ar dhílseoirí faoi láthair, ach tá ceisteanna ann do náisiuntóirí chomh maith – cén toradh a bheadh ar chúrsaí dá ndéanfadh an pobal náisiúnach gach iarracht an oiread neamhairde agus is féidir a dhéanamh ar an Oráisteachas / dílseachas, fiú nuair atá seicteachas soiléir le feiceáil?

An mbainfidh sé sin de chaithréimeachas na ndílseoirí nó an gcuirfeadh sé leis? Agus an mbeadh sé níos éasca cothromas a bhaint amach do chultúr na nGael sna Sé Chontae?

Close
Close