Scór cothrom?

Gráinne McElwain. Grianghraf le TG4.
Gráinne McElwain. Grianghraf le TG4.

Gráinne McElwain

I rith an tsamhraidh rinneadh suirbhé ar líon na mban atá le cluinstin ar an raidió sna 26 contae ar na príomhamanna craolta i rith an lae.

Fuarthas amach go raibh 70% de na cláracha sin á chraoladh ag fir.

Thaispeáin an suirbhé rud atá ar eolas ag mná cheana féin, nach bhfuil siad le cloisteáil chomh minic agus atá na fir ar an raidió.

Dúradh ag an am go mba chóir go mbeadh cothromaíocht idir fir agus mná ar an aer ach is féidir é sin a rá faoi go leor slíte maireachtála eile chomh maith.

Tóg cursaí polaitiúla mar shampla agus sa Dáil i dTeach Laighean, is mná iad 15% de na Teachtaí Dála.

Tá sé mar an gcéanna ó thuaidh i Stormont le 21 bean ag obair ann i gcomparáid le 87 fear – b’iad an pobal a vótáil do na daoine sin agus iad ag roghnú a cuid ionadaithe.

As na staisticí thuas bheifeá ag ceapadh gur fearr leis an bpobal fir a roghnú nó éisteacht leo ar an raidió ach níl sé sin fíor.

Clann

Níl mná ag iarraidh iad féin a chur chun tosaigh ar chúiseanna éagsúla agus dar liom i measc na gcúiseanna sin tá siad ag iarraidh clann a bheith acu.

Is máthair mé féin le beirt an-óg agus tá sé thar a bheith deacair an chothromaíocht a fháil idir mo chuid oibre agus clann a thógáil.

Smaointím mar mháthair agus nuair a thagann do chuid páistí ar an saol mothaíonn tú an-chiontach as iad a fhágáil.

Níl rogha ag go leor ban ach dul ag obair, tá roinnt eile nach féidir leo ach a bheith ag obair agus roinnt ban eile ann nach bhfuil ag iarraidh a slí bheatha a chur go leataobh mar nach raibh sé éasca an dul chun cinn atá déanta acu a dhéanamh.

Tá sé i bhfad níos éasca ag na fir agus sin é an rud a deirim le m’fhear chéile bocht go minic.

É sin ráite áfach, ní dóigh liom gur féidir leat bean a chur i bpost díreach ar an ábhar gur bean í.

Is láithreoir agus léiritheoir teilifíse mé agus bím ag obair le cursaí spóirt, jabanna a bhíodh ag na fir go tradisiúnta.

Bím ag cur Peil na mBan i láthair ar TG4 ach tá cluichí na bhfear déanta agam, ina measc cluichí idirnáisiúnta na hÉireann, peil shinsir agus faoi 21, rugbaí agus sacar.

Ó mo thaithí féin, táim tar éis aiseolas dearfach a fháil ó dhaoine faoi mhná ag cur spórt i láthair ar an teilifís agus réitim an-mhaith leis na fir a mbím ag plé leo.

Ach caithfidh an obair bhaile a bheith déanta agat agus ní féidir leat dul isteach in aon jab gan do chuid oibre a bheith déanta agus fios do cheirde a bheith agat.

Níl mé tar éis déileáil le haon duine a bhí ag tromaíocht orm mar gur bean mé agus bainim an-sult as mo jab.

Spórt na mban

Maidir le spórt na mban, ní fhaigheann mná cothrom na féinne sa spórt nó an t-aitheantas céanna poiblí is a fhaigheann na fir.

Ní chaithfidh tú ach féachtaint ar na sluaite a bhíonn ag cluichí na mban chun é sin a léiriú.

Ní dóigh liom gur féidir an locht a chur ar na fir ach an oiread sa chás seo.

Bíonn mná iontach maith ag tabhairt tacaíochta d’fhoirne na bhfear ach nuair atá foirne na mban ag imirt, níl siad chomh feiceálach, rud atá díomach.

Mar mhná caithfidh muid tacaíocht a thabhairt dá chéile.

Go pearsanta, tá deiseanna faighte agam ag cur spórt i láthair ach ba mhaith liom a cheapadh go bhfuair mé na deiseanna sin mar go bhfuil mé go maith ag an jab seachas mar gur bean mé.

Cuidíonn sé cinnte gur bean thú nuair a bhíonn tú ag cur agallamh ar fhir mar mhothaíonn roinnt fear níos compordaí ag caint le mná agus ní bagairt iad.

Ach sa lá atá inniu ann is cuma más fear nó bean thú, is é an rud is tábhachtaí ná do jab a dhéanamh agus tú a bheith in ann é a dhéanamh.

Close
Close