Saol eile - Saol i gcathaoir rothaí

Cathaoir Rothaí
Cathaoir Rothaí

Gearóid Ó Cairealláin

D’iarr an t-eagarthóir orm colún a scríobh faoin saol i gcathaoir rothaí agus, ó tharla gur sin rud a bhfuil a bheagán nó a mhórán d’eolas agam faoi, seo linn!

An chéad rud, má shuíonn duine ar bith 16 uair a chloig gach uile lá beo sa chathaoir amháin – mar a shuímse sa chathaoir bhreá rothaí seo – beidh sé nó sí righin sna cnámha agus sna géaga teacht dheireadh an lae.

Bímse féin tharr a bheith righin agus nimhneach, agus cantalach leis, fá mheán lae…

Tá an t-ádh orm sa mhéid is gur cathaoir chumhachtaithe atá agam a bhfuil cadhnaire ar a cúl aice agus spraoi-bhata chun tosaigh chun mé a thabhairt thart.

“Why me Lord?” a dúirt mé nuair a tuigeadh dom go raibh mé pairilisithe agus go mbeinn ag brath ar chathaoir rothaí go ceann i bhfad.

Bríd, mo bhean chéile, a d’fhreagair le guth na diagachta, “Why not you?”

Freagra maith, agus ceann a chuir mise i mo thost go gasta!

Rinne an stróc dochar don taobh deas do m’intinn, sé bliana ó shin (nach mear mear a ritheann an t-am uainn?).

Mar sin de, is é an taobh clé de mo chorp atá thíos leis, an radharc agus an cumas tabhairt faoi deara san áireamh.

Anois is cosán leathan cothrom a theastaíonn le bheith ag dul thart go réidh, go háirithe agus mé ag brostú abhaile ó na siopaí sula dtiteann an chéad bhalc eile fearthainne.

Faraor, is iomaí tiománaí a fheiceann cosán cothrom leathan agus a smaointíonn: is maith sin, carrchlós saor in aisce.

Ní chreidfeá líon na dtiománaithe a lonnaíonn ar an chosán agus cuid de na carranna chomh cóngarach sin don bhalla gairdín is nach mbíonn spás dul thart orthu.

Tugtar faoi deara ísleán nó ramp beag bheith ar gach cosán anseo agus ansiúd – b’fhéidir céad meadar eatartha a ligeann do lucht cathaoir rothaí agus lucht naíchoiste dul trasna na sráide.

Arís eile ní chreidfeá líon na dtiománaithe a pháirceálann a gcuid feithiclithe ar bharr an íseláin, nó díreach buailte leis, amhail is nach raibh sé deacair go leor bheith i gcathaoir rothaí gan tuilleadh bacanna bheith sa bhealach.

Uair amháin, bhí carr lonnaithe mar sin ar an chosán thart faoin áit a bhfuil cónaí orm féin.

Bhuail mé cnag ar an doras nó bhí an tiománaí go fóill ina suí ann.

D’éirigh sí dearg san aghaidh le fearg, “F**k away off”, ar sise de scréach cailligh. “Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ar an ghuthán?”, agus thaispeáin sí a guthán póca dom.

Ba léir dom nach raibh fonn dá laghad uirthi bogadh, aineoinn scuaine de mhná le pramanna bheith ag fás taobh thiar díom.

“Greadaigí libh amach ar an bhóthar!”

Thóg mise eochair amach as mo phóca agus thug mé le fios don tiománaí caidheach go raibh mé ar tí an phéint ghalánta ar thaobh a gluaisteáin a scrios… i bhfaiteadh súile, d’imigh sí lei ar luas ard!

Iontach liom i gconaí an bealach a chaitheann cosaithe eile sráide liom, téann na meisceoirí tharr fóir ar fad lena gcuid comharthaí aitheantais, lámh sínithe chugam amach, agus méar an eolais dírithe “Awright son… sorry, ah can’t speak the langidge meself… but you’re awight son…” ansin meangadh mór gáire agus tréaslú leathdhoirn in airde.

Go hiondúil téann páistí beaga i bhfolach taobh thiar do chuaille solais le stánadh orm, a súile móra lán iontais agus ceisteanna – “An dtig leatsa dul gasta sa rud sin?” – sula dtig mamaí ar an láthair.

“Nach dúirt mé libh gan a bheith cur isteach ar an fhear?”

Ar ndóigh, forrrán cainte an chomrádaí a fhaighim ó dhuine eile i gcathaoir rothaí, nó ó dhuine ar chroisíní.

Comrádaíocht na gCláiríneach le chéile.

“We’ve all been there, man”, arsa deirceach a bhí lonnaithe lena chroisíní ar chosán 5th Ave Manhattan.

Comrádaíocht idirnáisiúnta!

Creidim go ndéanann Daniel O’Donnell a mhór do dhuine ar bith ag ceolchoirm dá chuid atá i gcathaoir rothaí.

Chuala mé go mbuaileann sé leo go speisialta i ndiaidh an gig agus tugann cupán tae don té atá sa chathaoir agus dá churamaí.

Dúirt mé le mo mháthair cheana féin go bhfuil mé ar fáil, más mian léi mé a thogáil ar cíos don ocáid.

Níl aon chonradh scríofa agam léi go fóill, mar sin seo deis ag léitheoirí Meon Eile beart a dhéanamh: seol isteach chugam d’ofráil is fearr – Euro, GBP nó Dollars Américains. It could be you!

Close
Close