Mórthaispeántas nua faoi Mháirtín Ó Direáin

Tá muid ag druidim le 30 bliain ó bhásaigh Máirtín Ó Direáin agus tá taispeántas nua in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a dhíríonn ar shaol agus ar shaothar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’.

Beidh an taispeántas ar camchuairt timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin nuair a bheidh a sheal caite aige i nGaillimh (Márta- Iúil 2018) agus tá imeachtaí eagraithe don bhliain seo chugainn i gcomhpháirt leis an Taibhdhearc, Féile Cúirt, Arts and Action, agus Conradh na Gaeilge.

Má tá litreacha, grianghraif nó ábhair eile ag aon duine a bheadh toilteanach a thabhairt ar iasacht don taispeántas, is féidir teagmháil a dhéanamh le Síobhra Aiken in Ionad an Léinn Éireannaigh ag [email protected] nó 0861559024.

 Bhí Meon Eile ann chun chun réamhamharc a fháil ar an taispeántas.

Close
Close