Mná – an marbh agus an milleán

Seachtain ó shin cuireadh Karen Buckley i gcré na cille i gContae Chorcaí.

Agus cé go bhfuil Karen imithe ar shlí na fírinne anois, seans maith nach dtiocfaidh an fhírinne mar gheall ar a huaireanta deireannacha chun solais go deo.

Ach rud amháin atá soiléir ná go ndeachaigh an bealach uafásach a maraíodh Karen go mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre.

Conas is féidir le cailín óg ag tús a saoil dul amach faoi choinne oíche spraoi lena cairde gan bheith in ann teacht abhaile go slán sábháilte?

Tá go leor plé ar an ábhar seo – sábháilteacht na mban – na laethanta seo agus cásanna dúnmharuithe Elaine O’Hara, Mary Callanan agus Sylvia Shiels os comhair na gcúirteanna le déanaí chomh maith.

Ach chuir cuid mhaith den phlé seo fearg orm mar bhean.

Dar liom nuair atá cásanna mar seo á dtuairisciú go mbíonn i gcónaí an iomarca béime curtha ar na mná – stíl bheatha s’acu, stádas a sláinte meabhair, na roghanna a thóg siad, an méid a d’ól said – iad siúd a bhí ina n-íobartaigh neamhchiontacha seachas an milleán a chur san áit cheart: ar na fir a rinne na coireanna déistineacha seo.

Bhí mise in Albain thar an deireadh seachtaine agus bhí cás Karen Buckley go mór i mbéal an phobail.

Don chéad uair riamh bhí eagla orm siúl trí nóiméad liom féin ar ais go dtí an t-óstán ag deireadh na hoíche.

Agus cén fáth?

Toisc gur in Albain a bhí mé? Ní dóigh liom é.

Shiúil mé i bhfad níos faide in áiteanna i bhfad níos contúirtí agus mé i m’aonar ag taisteal an domhain thar na blianta.

Ach na tuairimí is mó a bhí ag rith tríd mo chloigeann agus mise ag siúl chomh tapaidh agus a b’fhéidir liom thar an droichead sin in Inbhir Nis ná dá mba rud é go dtarlódh aon rud dom bheadh ar mo thuismitheoirí éisteacht le daoine ag cur an mhilleáin orm.

Cad a bhí á chaitheamh uirthi? Gúna gearr dearg agus sálaí arda.

An raibh sí ólta?

Bhí i bhfad níos mó ná cúpla deoch agam.

Cé mhéad fear a raibh sí ag cáint leis le linn na hoíche? Ní féidir liom comhaireamh a dhéanamh.

Chuaigh mise ar an tseans thar na blianta.

Thóg mé tacsaí neamhoifigiúil nuair nach raibh a fhios agam go díreach cá raibh mé ag dul; shiúil mé liom féin ar thránna, suas sléibhte agus i gcoillte iargúlta; lean mé leis an gcóisir cé nach raibh aithne agam ar an gcomhluadar; d’aontaigh mé síob abhaile i ndorchadas na hoíche mar bhí fonn orm siúl agus ghlac mé síob nuair a bheadh sé i bhfad níos fearr siúl.

Ach fós ceapaim gur duine ciallmhar stuama mé.

Níos mó ná sin tá taithí saoil i bhfad níos saibhre agam de thairbhe na ‘rioscaí’ a thóg mé.

Bhuail mé le cairde nua, chonaic mé radharcanna áille agus bhí mé oscailte don spraoi agus don sonas atá á thairiscint ag an saol.

Dá bhrí sin, cosúil le go leor amanntaí roimh ré, shocraigh mé siúl ar ais chuig an óstán oíche Dé hAoine in Albain – tá mé fós beo leis an scéal a insint ach bhí eagla orm.

Bhí eagla orm mar thuig mé nach bhfuil difear ar bith idir mé féin agus Karen Buckley nó Elaine O’Hara nó Jill Meaghar, agus is féidir liom dul ar aghaidh leis an liosta ainmneacha.

Cosúil leis na mná seo ní raibh á dhéanamh agam ach maireachtáil, gnáthshaol á chaitheamh agam.

Ach an difear tábhachtach idir mé féin agus na mná atá luaite agam ná nach raibh an droch-ádh orm go dtí seo bualadh leis an duine mícheart ar an mbealach.

Agus sin na daoine gur cheart dúinn a cheistiú – na fir atá freagrach as na huafáis seo.

Cuireann sé fearg an domhain orm nuair a chloisim daoine ag déanamh breithiúnais ar na mná atá marbh, fiú daoine ar chóir níos mó céille bheith acu.

Daoine cosúil leis an mbreitheamh i Sasana a luaigh Karen Buckley mar dhuine a chuir í féin i mbaol agus an sagart san Astráil a dúirt go mbeidh Jill Meaghar fós beo dá mba rud é go raibh sí sa bhaile ina leaba seachas ag siúl ar an tsráid ag 3rn.

Nár chuala sé riamh faoi na mná a maraíodh gach bliain ina leaba agus ina baile féin?

Chuir sé uafás orm nuair a chuala mé daoine i mo bhaile dúchais féin ag ceistiú cén fáth a raibh cailín 14 bliain d’aois amuigh san oíche nuair a rinneadh ionsaí fiachmhair gnéis uirthi cúpla seachtain ó shin agus bhí níos mó déistine orm arís nuair a d’admhaigh mé gur rith an cheist céanna liom freisin, cé nár inis mé os ard é.

Mar dhaoine fásta táimid uilig freagrach dúinn féin ar bealach éigin, ach is léir go bhfuil an dearcadh ann go gcaithfidh mná bheith níos freagraí ná fir agus níl sé sin cothrom.

Nuair a chloiseann tú scéaltaí faoi ionsaí ar fhear éigin ní bheadh plé riamh mar gheall ar an am den oíche nó cad a bhí á chaitheamh aige, agus dá mba rud é go dtagann an deoch san áireamh, is leithscéal cosanta seachas cúisithe atá i gceist.

Is í an fhírinne nach bhfuil éinne freagrach ach amháin an coirpeach.

Ba chóir go gceisteodh muid conas is féidir le fear cosúil le Graham Dwyer, le gach seans sa saol aige, bheith ina dhúnmharfóir milteanach, nó cad a tharla i saol fir chomh hóg le fiche is a haon go bhfuil sé cúisithe anois as todhchaí mná óig eile a ghoid?

Cén fáth ar lig na cúirteanna Adrian Bayley saor le Jill Meaghar a mharú nuair a bhí sé cionntach as ionsaithe eile?

Cad atá á fhoghlaim ag ár mbuachaillí óga gur féidir leo fás aníos mar seo?

Cén fáth a bhfuil muid mar shochaí chomh sásta seasamh leis an dearcadh go bhfuil milleán de chineál éigin ar bhean nuair a tharlaíonn a leithéid di?

Go dtí go n-athrófar an dearcadh seo beimid i gcónaí i mbaol.

Close
Close