Mallachtaí na Samhna

Myra Zepf

Is breá liomsa Oíche Shamhna. Ceiliúradh an dorchadais. Séasúr an sceimhle. Féile an fhuarallais.

Is breá liom na scéalta scáfara faoi sholas tóirse. Is breá liom na cnónna, na húlla taifí is an tóirtín úll. Is breá liom na páistí ag teacht go doras lán sceitimíní. Is breá liom solas na gcoinnle sa teach. Dorchadas sa tráthnóna. Sean-chluichí úll. Líon damháin alla ar gach scathán.

Sílim, b’fhéidir, gur cailleach a bhí ionam i mo shaol deireannach. Anois agus mé gléasta suas i mo bhuataisí móra agus mo riteoga stríocacha, clóca ar mo dhroim agus scuab i mo lámh agam (go cúramach sa bhealach is nach scríobfaidh mé mo shnas ingne dubh), tosaím ag sclogaíl gháire cosúil le fíor-chailleach.

Sea, is breá liom Oíche Shamhna gan amhras ar bith. Ach níl saoi gan locht. Dá mbeadh fíor-chumhacht i mo shlaitín draíochta agam, chuirfinn mallacht dhamanta ar lucht déanta na mbréagéadaí a chuireann olc orm gach bliain.

Níl fíor slaitín draíochta agam, ar an drochuair, ach tá peann agam. Is féidir mallacht a chur le peann chomh maith. Mar sin, cuirim mo dhúch-mhallacht ar na comhlachtaí a shíl gur chóir go mbeadh culaith trodaí tine ann mar rogha bréagéadaí do na fir, ach a roghnaigh go mbeadh an leagán baineann ina “Firehouse Hottie” le gúna plaisteach nach gclúdaíonn a tóin. Cuirim mallacht ar na cultacha banaltra déanta as cíochbheart le píosaí níolóin agus lycra ag titim de. Ar ndóigh bíonn culaith chiallmhar máinlia ann do na fir, é cosúil leis na fíor-éadaí.

Fodhlaí mara, sárlaoch, diabhal, aingeal, bean rialta. Is cuma cén téama, tá an freagra mar an gcéanna – culaith cheart do na fir agus fo-éadaí do na mná. Ní gnéasach atá siad ach gnéasaíoch.

Anois, tá a fhios agam go bhfuil gnéasacht difriúil d’achan duine. Ach tá sé deacair a chreidbheáil nach ag magadh atá siad le hábhar na gcultacha ‘gnéasacha’ seo. Tá ‘Bugs Bunny gnéasach’ le ceannacht, ‘puimcín gnéasach’ nó Olaf an fear sneachta ó Frozen! Nach contráilte go deo an smaoineamh d’fhear sneachta anghrách, i gculaith burlesque bán le meacán dearg?

Smaoinigh go praiticiúil faoi. Tá a fhios agaibh go bhfuil Oíche Shamhna ar an lá deireannach de mhí Dheireadh Fómhair, nach bhfuil a fhios? Mo mhallacht ar na déantóirí bréagéadaí atá ag dréim go mbeidh mé ag siúl thart i riteoga mogallacha agus mionghúna déanta as poileistear chomh tánaí le líon damháin alla ag an am seo bliana.

Ba mhaith liom a rá ag an phointe seo nach bhfuil mé in eadan cultacha gnéasacha daofa siúd ar mhaith leo iad a chaitheamh. Saorann breagéadaí muid chun pearsantacht agus nósanna úra a ghlacadh orainn féin agus éalú ónar ngnáth-sraontaí. Más mian leatsa dul amach i do chíochbeart agus fo-bhristí agus cluasa ainmhí ar do chloigeann agat, sin do cheart agus tacaím leis. Is í an easpa rogha a chuireann as dom, an gnás cultúrtha a léiríonn sé agus an brú a mhothaíonn mná agus cailíní chun dul amach leathnocht.

Goilleann sé orm ach go háirithe do chailíní óga. Cinnte, d’athraigh an saol ó rinne ár gcuid máithreacha féin cultacha dúinn as sean-bhraillíní nó málaí dubha bruscair. Ach anois, tá na siopaí lán de bhréagéadaí do ghirseachaí beaga a mbeadh níb fhóirsteánaí do striapach. Is cosúil go bhfuil an domhan mór ag rá leo gurb é sin a luach. Níl iontu ach maisiúchán, nó oibiacht ghnéis go fiú, sula dtuigeann siad cad é atá ann.

Oíche Shamhna. Ceiliúradh an dorchadais. Comóradh na critheagla. Agus siamsa seobhaineachais (chauvinism) chomh maith. Tá mo chuid mallachtaí déanta anois agam. Tá an sclogaíl gháire mire faoi lán seoil agam. Anois, tá mé reidh chun sult a bhaint as an fhéile.

Close
Close