Lára Loingseach agus an Céilí Mór

Beidh seans amháin eile agaibh Geamaireacht Nollag na Cultúrlainne, ‘Lára Loingseach agus an Céilí Mór’ a fheiceáil amárach, Dé Sathairn 9 Nollaig ar 1in.

Scríofa agus stiúrtha ag Dónall Mac Giolla Chóill is féidir bheith cinnte de go mbeidh seó spleodrach greannmhar ó thús deireadh.

Go dtí seo tháinig breis agus 800 páiste, beag agus mór, chun na Cultúrlainne le sult a bhaint as an dráma grinn.

Bhí Meon Eile i láthair i rith na seachtaine le labhairt leis na haisteoirí Seán ‘Lara Loingseach’ Mac Seáin agus Dáire ‘Síofra an tSióg’ Ní Chanáin... agus bhuail fonn scigireachta muid!


Close
Close