Is mithid aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge

Tá sé deich mbliana ó bhí riail dhíreach ó Westminster againn ach is mór an difear idir an t-am sin agus an lá inniu. Tá cúrsaí ó thuaidh á bplé ag Ciarán Ó Pronntaigh.

Is mithid aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge.

Ciarán Ó Pronntaigh 

Cuireadh deireadh leis na cainteanna oíche Aoine, agus mura raibh dianchainteanna ar siúl in áit éigin i bhfad i gcéin, ní bheidh aontú ann Dé Luain, is cosúil. Tá an Luan luaite ag an Státrúnaí mar spriocdháta eile don phróiseas, ach, an iarraidh seo, tá meáchan éigin lena chuid focal.

Dar leis go mbeidh ar Rialtas na Breataine tús a chur leis an reachtaíocht a thabharfadh an chumhacht dó an buiséad a stiúradh, le cinnte a dhéanamh de go mbeidh na hotharlanna agus na scoileanna ag fanacht ar oscailt amach anseo. Tá drogall ar James Brokenshire ‘riail dhíreach’ a thabhairt air seo ach, diaidh ar ndiaidh, nuair a bheidh air cinntí a ghlacadh, cinntí a mbeidh conspóid ag baint leo, bíodh geall, beidh an riail dhíreach i bhfeidhm, luath nó mall. Ach cad é atá cearr leis an riail dhíreach, mar sin? Nár thug sí áit pháirceála dúinn nuair a bhí bac ar an bhóthar sa phróiseas roimhe?

Tá sé deich mbliana ó bhí riail dhíreach ó Westminster againn ach is mór an difear idir an t-am sin agus an lá inniu. An difear is suntasaí go raibh an seó fós ar an bhóthar an t-am sin – bhí ceann scríbe le feiceáil agus rudaí le hoibriú amach sa phróiseas. Bhí na cumhachtaí a bhain le dlí agus ceart, mar shampla, le socrú. Ach anois, níl an t-atmaisféar ann go bhfuil rud ar bith le baint amach.

Deir Sinn Féin go bhfuil na geallúintí a tugadh deich mbliana ó shin ag Cill Rìmhinn le cur i gcrích go fóill. Acht na Gaeilge, mar shampla, airgead le híoc as fiosrúcháin ar bhásanna conspóideacha, agus cearta sibhialta amhail pósadh comhghnéis. Ar ndóigh, tá a mhalairt de thuairim ag an DUP ar éilimh Shinn Féin, agus cuireann siad ina leith go bhfuil siad ag iarraidh an bóthar a ullmhú go Baile Átha Cliath.

Difear eile atá ann gurb iad na Coimeádaithe atá i gcumhacht, seachas Páirtí an Lucht Oibre mar a bhí i 2007. Agus tá ceangal na gcúig gcaol idir an DUP agus na Tóraithe, nó gan tacaíocht an DUP is ionann is cinnte go mbeidh ar Theresa May olltoghchán a ghairm.

Ceist mhór atá le socrú go fóill cad é a tharlóidh don bhilliún punt a d’fháisc an DUP as na Coimeádaithe ar son a dtacaíochta in Westminster? Bhí tuairiscí ann an tseachtain seo a chuaigh thart go mbeadh ar a laghad cuid den airgead breise sa reicneáil sa bhuiséad a thiocfadh ó Westminster. Ach bhí scéal ag an Financial Times, Dé Domhnaigh, nach mbeadh cuid ar bith den airgead le cur ár mbealach go dtí go mbeidh an Feidhmeannas ag feidhmiú arís.

Thiocfadh leat do dhóchas a chur sna Tóraithe go mbeidh réiteach acu ar chuid de na fadhbanna atá ag déanamh tinnis don phróiseas faoi láthair (teanga, pósadh comhghnéis, ginmhilleadh, oidhreacht na coimhlinte, mar shampla) ach tá mé ag déanamh gur seasamh fada a bheadh agat. Tá an fócas ar an dá mhórpháirtí ach ní miste a choinneáil san áireamh go bhfuil Rialtas na Breataine ag cur bac uair a thig leo le ceist ‘oidhreacht na coimhlinte’.

Tá guthanna eile ann seachas an dá mhórpháirtí, ar ndóigh, ach ní mór a rá gur baothchaint atá ann bunús an ama. Molann an SDLP, mar shampla, go bhfoilseofaí anois staid na himeartha ar na mórcheisteanna. Ach ba é an bua a bhí ag na cainteanna roimhe seo go raibh spás taobh thiar de na soilse de dhíth le go ndéanfaí comhghéilleadh. Nó an moladh ó Pháirtí na nAontachtaithe gur chóir deireadh a chur leis an ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’ a thugann cead don DUP stop a chur le rudaí cosúil le pósadh comhghnéis? Ná déantar dearmad gurbh iad na náisiúnaithe, an SDLP ach go háirithe, a d’éiligh an achainí sin sa dóigh nach mbeadh deachtóireacht an mhóraimh i bhfeidhm i rith an ama.

Deirtear go bhfuil Acht na Gaeilge lárnach do cibé réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann agus téann an cheist seo go croílár na faidhbe ó thuaidh. Má aontaíonn tú gur ceart Acht na Gaeilge a bheith ann tá an ceart ag Sinn Féin seasamh ar an phointe, agus má shíleann tú nár chóir tá an ceart ag an DUP gan géilleadh; níl aon talamh liath idir eatarthu níos mó agus luath nó mall déanfar socrú.

Beidh géarchéim ann i mí na Samhna do phróiseas na síochána má théitear síos bóthar na rialach dírí. Ní spás páirceála atá ann a thuilleadh: clampáil atá ann agus is baolach nach bhfuil an t-airgead againn íoc as an fhíneáil sula dtógtar an carr ar shiúl.

Close
Close