Gormacha Iar-Oireachtais...

Michaeline Donnelly 

Tá boladh an curry chip ón sceallóglann sa Gleneagle imithe ó do shrón, an gealra ruaigthe ó do ghruaig ó chóisir na mac léinn, agus comharthaí fisiciúla na póite díbeartha ó do chorp faoi dheireadh, ach go fóill féin tá GIA (Gormacha Iar-Oireachtais) do do chrá.

Tuigeann gach duine a raibh sé d’ádh orthu freastal ar phríomhfhéile na nGael na comharthaí – ag spalpadh na teanga ársa s’againn le gach mac máthar, ina measc, tiomanaí bus an 10a, do mhadadh, agus go leor eile nár labhair focal Gaeilge riamh; an fuiplasc ón damhsa ag Club na Féile; na cuimhní náireacha sin faoin chomhrá a bhí agat ag a 5 ar maidin le duine d’ardbhainistíocht Fhoras na Gaeilge faoin treo a ba cheart dóibh dul...

Ach cad é an bealach is fearr le dul i ngleic le GIA?

Ar an drochuair, níl aon leigheas ann a thabharfaidh slán go hiomlán thú, ach tá cúpla rud go dtig leat a dhéanamh a chuideoidh leat:

- Faigh frámaí deasa do na féinphiceanna ar fad a ghlac tú le hAlan Titley agus a uaireadóir bling-áilte, le Máirtín Tom Sheáinín, leis an Choimisinéir Teanga (nó an é sin an Bainisteoir Óstáin?), buaiteoirí Steip agus Chorn Uí Riada, Rónán Beo, Pádraig Ó Sé, Doiminic, Nell, agus gach léachtóir a bhí agat riamh ar an ollscoil, cé nár fhreastail tú ar na léachtaí s’acu riamh. Tóg scrín i do sheomra leapa le tú a thabhairt ar ais chuig na laethanta órga sin.

- Gabh fríd na féiríní ar fad a ghoid a bhailigh tú ag Aonach an Oireachtais. Cuir iad leis na féiríní eile atá ina luí sa teach ó OnaS 16, 15 agus 14. An bhfuil a leithéid de rud ann agus barraíocht fáinní eochracha PEIG? Ní dóigh liom é!

- Amharc ar an taobh is fearr den scéal - is saineolaí anois thú ar an dóigh leis an fhoclóir a úsáid, ar ghairmeacha le Gaeilge agus ar an phleanáil teanga. Ní raibh an oiread sin spéise agat sna hábhair seo, ach bhí fíon saor in aisce ann agus ba ghráin leat aon chuid a chur amú.

- Gabh fríd na matches ar fad a fuair tú ar Tinder ón deireadh seachtaine. Is cinnte go bhfuil fear nó bean dheas Ghaelach amuigh ansin duit a bheadh sásta tabhairt faoi thogra pleanála teanga i gcomhpháirtíocht leat. #Gaelbhábaithe

- Gabh ar Facebook agus scríobh miontráchtas ar Ghaeilge Amháin faoin taithí a bhí agat ag an Fhéile. Chuala tú focal amháin Béarla ag Steip? Scríobh ar Facebook é! Easpa TG4 sna seomraí? Scríobh ar Facebook é! Easpa daoine ag Club na Féile? Cad é eile a dhéanfá ach tabhairt amach ar Facebook faoi? 

- Cuir físeáin Meon Eile ar siúl sa chúlra san obair le dea-chuimhní na féile a chur i gcuimhne duit. Cé nár fhreastail tú ar chomórtas ar bith, beidh tú ábalta ligint ort gur duine uileláithreach thú a bhí ag gach rud!

- Tosaigh ag cleachtadh anois don ollchomórtas Monopoly sin sa Seomra Teaghlaigh le díoltas a fháil ar an leaid beag ocht mbliana d’aois sin a fuair an lámh in uachtar ort i mbliana. Is cuma mura bhfuil bua an tsean-nóis agat, bua an cheoil, bua na scéalaíochta, litríochta, filíochta, dreas cainte nó aon bhua eile, beidh seans ar a laghad agat an aisling a fhíorú agus bonn óir an Oireachtais a bhaint amach!

- Socraigh an síob agus na naggins anois d’Fhéile na Mí, Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Imbolc, an Fhéile Pan Cheilteach, Féile na Meán Ceilteach, Comórtas Peile na Gaeltachta, Fleadh Cheoil na hÉireann agus aon áit eile a mbeidh Gaeilgeoirí bailithe agus a mbeidh seans ann an chraic a choinneáil ag dul (agus b’fhéidir níos mó féiríní a fháil!).

- Cuir na seomraí in áirithe anois sa Gleneagle d’Oireachtas na Samhna 2018, sa Citywest d’Oireachtas na Samhna 2019 agus i nGaillimh d’Oireachtas na Samhna 2020. Is cuma cad é a tharlaíonn idir seo agus sin; pósadh, bás, bábaithe, is cinnte nach féidir an fhéile is fearr ar chlár na cruinne a chailleadh!

Close
Close