Gerry Adams & ré nua Shinn Féin

Mícheál Ó Leidhin

Bhí tír is talamh cruinnithe le chéile san RDS Dé Sathairn seo caite, slua chomh mór leis nach bhfacthas riamh roimhe sin ag Ard-Fheis de chuid Shinn Féin.

Díol suntais ab ea é go raibh iriseoirí tagtha ó chian is ó chóngar le freastal ar an ócáid, ócáid nach dtarraingeodh an méid sin airde de ghnáth.

Ach ní gnáthócáid a bhí ann. Bhí an slua bailithe le chéile chun éisteacht le buille deireanach Gerry Adams mar uachtarán ar Shinn Féin.

Bhí blaiseadh den chuimhneamh siar ar bun ag Adams ina óráid.

Labhair sé faoi na comrádaithe sa ghluaiseacht phoblachtánach a cailleadh feadh na slí agus faoin gcruth a bhí ar an Tuaisceart nuair a toghadh ar dtús é mar uachtarán sa bhliain 1983.

The war in the North was raging but the hunger strikes two years before and the deaths of Bobby Sands and his nine comrades had dramatically altered the politicial landscape... Republicans had been at the heart of a culture of resistance – correctly standing strong against the brutality of the British state.”

Bhí rian den chosaint ar siúl aige chomh maith ar a oidhreacht agus é ag caint ar staid an pháirtí nuair a tháinig sé isteach i gcomparáid le staid an pháirtí anois.

Scór bliain ó shin, ní raibh sa Dáil acu ach Caoimhghín Ó Caoláin, anois féach orthu agus 23 TD, 7 Seanadóir, 4 Feisire Eorpacha, 27 Feisire Stormont, 7 Feisire Westminster (nach nglacann lena suíocháin) agus os cionn 250 comhairleoir.

Más fíor don téis choitianta gur bac é Gerry Adams ar dhul chun cinn an pháirtí, bhí na staitisticí aige chun í a bhréagnú.

Ní lia duine ná tuairim i gcás Gerry Adams agus is féidir linn a bheith ag súil leis an iomaí píosa tuairimíochta faoina shaol agus a shaothar agus sinn ag iarraidh a oidhreacht a chuimsiú.

Is fear é a chothaíonn col agus déistin i measc sciar den phobal ach i measc sciar eile, fathach na polaitíochta atá ann a bhfuil urraim agus meas air go hidirnáisiúnta.

Is ceart agus is bailí ceisteanna a chur faoina stair mar neach polaitíochta a bhí mar leithscéalaí agus a thug clúdach polaitíochta do lear mór uafás a rinne an IRA.

Is nós, áfach, le haos tráchtaireachta an deiscirt scéal casta an tuaiscirt a chur i láthair ar bhealach simplí neamh-aimpléiseach.

Mar sin, is ceart aon léamh a dhéantar faoi Gerry Adams a chur in oiriúint don chomhthéacs stairiúil as ar fáisceadh é agus as ar múnlaíodh é.

Ba faoi scath an fhoiréigin agus an bháis a mhair pobail an Tuaiscirt an uair úd agus ba é Gerry Adams, thar dhuine ar bith eile sa ghluaiseacht phoblachtánach, a tharraing fir an fhoiréigin i dtreo na síochána.

Rinne sé é sin agus bagairt an bháis ar leic an dorais aige go minic.

Ní ceart, ach an oiread, dearmad a dhéanamh orthu siúd ar daoradh chun bháis go héagórach iad.

Fágfar faoi na staraithe léamh níos iomláine a dhéanamh ar an méid ar éirigh leis a bhaint amach ach b’fhearr don léamh sin a bheith suite go dlúth sa chomhthéacs stairiúil ina raibh sé ag maireachtáil.

Maidir lena bhfuil i ndán do Shinn Féin anois agus Adams le bogadh ar aghaidh, ní féidir fás agus forbairt Shinn Féin faoina stiúir a shéanadh.

D’éirigh leo 9 gcinn de shuíochán nua a bhuachaint sa bhliain 2011 agus 9 gcinn eile san olltoghchán anuraidh.

Mar sin féin, tá dúshláin nua roimh an bpáirtí.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil tacaíocht an pháirtí stálaithe sna pobalbhreitheanna ó bhí an toghchán anuraidh ann agus go mbeidh orthu roinnt dá gcuid polasaithe a choigeartú leis an gcéad léimt eile a dhéanamh chun líontán na tacaíochta a scaipeadh níos forleithne.

Tá teacht aniar ar bun ag Fianna Fáil agus tá Sinn Féin in iomaíocht le roinnt páirtithe eile ar an eite chlé le dul chun cinn a dhéanamh.

Cuir san áireamh leis, go bhfuil borradh faoin ngeilleagar agus ainneoin fadhbanna uile na sochaí, is lú an fhearg i measc an phobail a mbeidh an páirtí in ann teacht i dtír uirthi.

Athrú suntasach polasaí is ea go bhfuil an páirtí sásta comhrialtas a dhéanamh le páirtithe eile - beag beann ar chomh mór is atá na páirtithe sin - ar an gcoinníoll go gcuirfí “clár forásach poblachtach” i bhfeidhm.

Aithníonn an páirtí gurbh fhearr dóibh a chás a dhéanamh leis an bpobal más léir go mbeidh siad in ann a gcuid polasaithe a chur i bhfeidhm.

An cheist atá ann an mbeidh siad in ann seasamh lena gcuid geallúintí nó an mbeidh siad thíos le géilleadh agus realpolitik an chomhrialtais?

An dúshlán is mó sa ghearrthéarma atá roimh Shinn Féin go bhfuil Feidhmeannas Stormont fós gan aontú.

Tá fadhbanna dáiríre le réiteach sa tsochaí ó thuaidh agus scór bliain nach mór tar éis do Chomhaontú Aoine an Chéasta, dealraíonn sé go bhfuil an dá thaobh den phobal chomh fada óna chéile is a bhí siad riamh.

Close
Close