Contúirtí na Feirme

Cad é atá i gceist le saol na feirmeoireachta? 

Ag saothrú na talún. Ag láimhséail ainmhithe. Ach cad é faoi na contúirtí a bhaineann leis? 

Ar na mallaibh rinneadh tuairisc sa nuacht faoi fheirmeoirí a fuair bás agus iad i mbun oibre.

Agus na scéaltaí seo ag teacht amach, chuaigh Meon Eile le labhairt le feirmeoir, a bhfuil feirm aige féin agus a athair ar an teorainn, le fail amach faoi shaol an fheirmeora agus na contúirtí a baineann leis an fheirmeoireacht.

Tugann Diarmuid Jack Mac Cionna léargas ar na deacrachtaí a bhíonn leis an obair, ar chúrsaí sábháilteachta agus ar shaol pearsanta an fheirmeora sa lá atá inniu ann.

Close
Close