Clinic na Gaeilge ag Doras na Dála

Bhí clinic soghluaiste eagraithe ag Conradh na Gaeilge ar na mallaibh le cursaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé i mBaile Átha Cliath.

Bhuail daoine ó níos mó ná 27 toghcheantar ó cheann ceann na tíre lena dTeachtaí agus lena Seanadóirí áitiúla in Óstán Buswells i lár na cathrach.

Bhí plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an chlár, plean a chruthódh níos mó ná 1,150 post nua.

Lena chois sin bhí an €5.3 milliún de mhaoiniú atá le cinntiú don phlean i gCáinaisnéis 2018 le plé fosta. 

“Tugann Clinic na Gaeilge guth an phobail ag láthair na cumhachta, áit ar féidir leo na ceisteanna áitiúla is mó a bhfuil ag dó na geirbe acu a phlé lena n-ionadaithe i dTithe an Oireachtais,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Bhí Meon Eile i láthair chun an scéal a fhiosrú.

Close
Close